getting-an-eircode-banner

Conas Eircode a fháil

Le haghaidh seoladh atá ann cheana

Tá Eircode sannta do níos mó ná 2.2 milliún seoladh go dtí seo. Is féidir gach Eircode a aimsiú ar an Aimsitheoir Eircode, suíomh gréasáin poiblí a chuireann ar do chumas Eircode a chuardach de réir seolta nó ar an léarscáil. Is féidir leat an rogha Faigh Treoracha a úsáid ar fhón cliste freisin chun eolas an bhealaigh a fháil chuig seoladh.

Mura bhfuil tú cinnte cé acu atá nó nach bhfuil Eircode ag do sheoladh is féidir leat an tAimsitheoir Eircode a úsáid lena sheiceáil an bhfuil Eircode sannta do do sheoladh.
Faigh Eircode

Eircode-Finder-img
Ar an Aimsitheoir Eircode, clóscríobh do sheoladh nó bain úsáid as an léarscáil chun do theach nó d’áitreabh gnó a aimsiú. Agus d’áitreabh aimsithe agat, má tá marcóir foirgnimh ann (arna léiriú le ponc bándearg), tá Eircode ann dó. Bog an léarscáil ionas go mbeidh an targaid os cionn mharcóir an fhoirgnimh agus cliceáil ‘Faigh Eircode’.

Tá tuilleadh faisnéise faoi conas an tAimsitheoir Eircode a úsáid le fáil ar ár leathanach Cabhrach.

Má theastaíonn cúnamh uait nó mura féidir leat Eircode a aimsiú, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn agus beidh duine éigin ó Fhoireann Eircode sásta cuidiú leat.

I gcás seoladh nua

Má tá seoladh nua agat, ní gá iarratas a dhéanamh ar Eircode.

Soláthraíonn An Post GeoDirectory nuashonrú gach mí ina mbíonn na seoltaí poist agus na sonraí suímh maidir leis na foirgnimh nua a gabhadh sa mhí roimhe sin.
Sanntar Eircode do na seoltaí nua sin agus cuirtear leis an Aimsitheoir Eircode iad.

Soláthraíonn An Post GeoDirectory nuashonrú iomlán gach ráithe, lena n-áirítear sonraí seolta agus suímh maidir le foirgnimh nua, athcheaptha nó athchóirithe, chomh maith le haon athruithe ar na seoltaí a bhí ann cheana, a gabhadh sna trí mhí roimhe sin.
Sanntar éirchóid agus cuirtear aon athruithe i bhfeidhm. Seoltar litreacha fógra maidir le gach seoladh ar sannadh Eircode dó sa ráithe chuig áititheoir na bhfoirgneamh.

Aparil 2024 a bheidh sa chéad nuashonrú eile ar Eircode.

Ionas gur féidir Eircode a shannadh do sheoladh nua, caithfidh sé a bheith i mbunachar sonraí GeoDirectory An Post agus caithfidh 2 líne ar a laghad den seoladh poist, príomhbhaile poist, agus comhordanáidí geografacha a bheith ann.

Chomh luath agus a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil, déanfaidh Eircode:

  • Eircode a shannadh
  • An tAimsitheoir Eircode a nuashonrú
  • Litir fógra maidir le Eircode a sheoladh chuig an áititheoir (go ráithiúil)
  • Bunachar sonraí nuashonraithe Eircode a sholáthar d’úsáideoirí ceadúnaithe

Má bhíonn aon fhaisnéis in easnamh agus mura féidir linn Eircode a shannadh, bheimis ag súil go gcuirfí na mionsonraí riachtanacha san áireamh i nuashonrú eile amach anseo ar bhunachar sonraí An Post GeoDirectory.

Nach féidir leat Eircode a aimsiú?

Mura n-éiríonn le cuardach de réir seoladh, bain úsáid as an léarscáil chun an áitreabh a aimsiú de láimh. Má tá marcóir foirgnimh (arna léiriú le ponc bándearg) ar an léarscáil, tá Eircode ann don seoladh sin. Mura bhfuil ponc bándearg ar an léarscáil ag an suíomh:

  • Is féidir nár gabhadh do sheoladh agus a shuíomh go fóill agus dá bhrí sin níor áiríodh é sa nuashonrú is déanaí ar bhunachar sonraí An Post GeoDirectory. 

    Mar shampla, seans go dtógfaidh sé tamall seoladh nua a chur san áireamh. Nuair a tharlaíonn sin, bheimis ag súil go mbeadh sé san áireamh i nuashonrú eile amach anseo.

  • Is féidir nár gabhadh do sheoladh agus a shuíomh go hiomlán. Caithfidh 2 líne ar a laghad den seoladh poist, príomhbhaile poist, agus comhordanáidí geografacha a bheith i mbunachar sonraí GeoDirectory An Post chun Eircode a shannadh don seoladh sin.

    Mar shampla, seans go dtógfaidh sé tamall an fhaisnéis uile a fháil le haghaidh foirgneamh nuathógtha. Má tá cuid ar bith den fhaisnéis sin in easnamh ón mbunachar sonraí, bheimis ag súil go gcuirfeadh An Post GeoDirectory san áireamh í i nuashonrú eile amach anseo.   

  • Is féidir gur foirgneamh tánaisteach é an t-áitreabh nach bhfuil seoladh poist aige agus, mar sin, nach bhfuil Eircode sannta dó.
    Mar shampla, i gcás campas a bhfuil go leor foirgneamh ann, seans go seachadfaí an post chuig suíomh lárnach ar dtús lena dháileadh ar aghaidh chuig foirgnimh eile ansin.

Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoi Cad a fhaigheann Eircode?

Má tá d’áitreabh ann le blianta fada agus mura féidir leat Eircode a fháil ar an Aimsitheoir Eircode, déan teagmháil linn agus beidh duine éigin ó Fhoireann Eircode sásta cuidiú leat.

Comhaid Fuaime agus Faisnéis i gCló Mór

Lena fháil amach conas Eircode a fháil, is féidir leat an comhad fuaime nó an doiciméad téacs i gcló mór a íoslódáil thíos:

Cliceáil anseo chun an comhad fuaime a íoslódáil
Cliceáil anseo chun an doiciméad téacs i gcló mór a íoslódáil