FAQs

CCanna

Catagóirí:

Ceisteanna Coitianta don suíomh

Ní gá iarratas a dhéanamh ar Eircode. Soláthraíonn An Post GeoDirectory nuashonrú gach mí ina mbíonn na seoltaí poist agus na sonraí suímh maidir leis na foirgnimh nua a gabhadh sa mhí roimhe sin. Má bhíonn an fhaisnéis go léir ann, sanntar Eircode do na seoltaí nua sin agus cuirtear leis an Aimsitheoir Eircode iad.

Más áitreabh nuathógtha nó nua-áitithe atá i gceist, caithfidh do sheoladh agus a shuíomh a bheith san áireamh sa bhunachar sonraí a fhaighimid ó GeoDirectory DAC An Post (fochuideachta de An Post) chun cead a fháil Eircode a shannadh.

Caithfidh 2 líne ar a laghad den seoladh poist, príomhbhaile poist, agus comhordanáidí geografacha a bheith sna mionsonraí faoin seoladh atá i mbunachar sonraí GeoDirectory An Post, chun Eircode a shannadh don seoladh sin. Má tá faisnéis in easnamh ón mbunachar sonraí, bheimis ag súil go gcuirfí san áireamh í i nuashonrú eile amach anseo ar bhunachar sonraí An Post GeoDirectory.

Murar gabhadh seoladh poist, b’fhéidir go gcaithfimid tú a atreorú chuig Seirbhísí do Chustaiméirí An Post, le go ngabhfar do sheoladh.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas agus cathain a shanntar éirchóid nua, tabhair cuairt ar Eircode a Fháil.

Cuireann An Post GeoDirectory comhad nuashonraithe ar fáil gach mí ina mbíonn seoltaí poist agus sonraí suímh maidir leis na foirgnimh nua a gabhadh an mhí roimhe sin. Sanntar Eircode do na seoltaí nua sin agus cuirtear leis an Aimsitheoir Eircode ansin iad.

Soláthraíonn An Post GeoDirectory nuashonrú iomlán gach ráithe, lena n-áirítear sonraí seolta agus suímh maidir le foirgnimh nua, athcheaptha nó athchóirithe, chomh maith le haon athruithe ar na seoltaí a bhí ann cheana, a gabhadh sna trí mhí roimhe sin. Sanntar éirchóid agus cuirtear aon athruithe i bhfeidhm. Ag an bpointe seo, seoltar litreacha fógra maidir le gach seoladh ar sannadh Eircode dó sa ráithe chuig áititheoir na bhfoirgneamh.

Soláthraíonn Eircode nuashonruithe freisin do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí ceadúnaithe gach mí agus gach ráithe.Má tá suim agat ceadúnas a fháil chun bunachar sonraí Eircode a úsáid, tabhair cuairt ar an rannóg Ghnó den suíomh gréasáin seo chun tuilleadh eolais a fháil.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcéad nuashonrú ráithiúil eile tabhair cuairt ar Eircode a Fháil.

Níl aon seoladh oifigiúil amháin ann le haghaidh aon suíomh in Éirinn agus féadfaidh go leor leaganacha de sheoladh a bheith ann, amhail seoltaí geografacha, poist, toghcháin nó stairiúla.

Tá an seoladh poist agus geografach san Aimsitheoir Eircode agus soláthraíonn GeoDirectory An Post an dá sheoladh dúinn.

Ní féidir le Eircode na seoltaí seo a leasú ná a athrú.

Ar dtús, mholfaimis duit triail a bhaint as i bhformáid dhifriúil – féadfaidh foirmeacha ar líne glacadh leis an Eircode mar dhá chuid ar leithligh le spás idir an Eochair Ródúcháin agus an tAitheantóir Uathúil mar shampla A65 F4E2 nó mar theaghrán seacht gcarachtar amháin mar shampla A65F4E2 .

Tá méadú ag teacht i gcónaí ar líon na n-eagraíochtaí a bhfuil a gcórais á nuashonrú acu chun éirchóid a aithint ó seoladh Eircode in 2015. Táimid ag súil go n-úsáidfidh níos mó agus níos mó eagraíochtaí Eircode le himeacht ama. 

Eircode a Fháil

Tá Eircode sannta do níos mó ná 2.2 milliún seoladh poist go dtí seo. Is féidir gach Eircode a aimsiú ar an Aimsitheoir Eircode, suíomh gréasáin poiblí a ligeann duit Eircode a chuardach de réir seolta nó trí fhoirgneamh a aimsiú ar an léarscáil.

Ar an Aimsitheoir Eircode, clóscríobh do sheoladh nó bain úsáid as an léarscáil chun do theach nó do ghnó a aimsiú. Agus é aimsithe agat, má tá marcóir foirgnimh ann (arna léiriú le ponc bándearg), tá Eircode ann don fhoirgneamh sin. Bog an léarscáil ionas go mbeidh an targaid os cionn mharcóir an fhoirgnimh agus cliceáil 'Faigh Eircode'.

Tá tuilleadh faisnéise faoi conas an tAimsitheoir Eircode a úsáid le fáil ar ár leathanach Cabhrach.

 

Má theastaíonn cúnamh uait nó mura féidir leat Eircode a aimsiú, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn agus beidh duine éigin ó Fhoireann Eircode sásta cuidiú leat. 

Ní gá iarratas a dhéanamh ar Eircode. Soláthraíonn An Post GeoDirectory nuashonrú gach mí ina mbíonn na seoltaí poist agus na sonraí suímh maidir leis na foirgnimh nua a gabhadh sa mhí roimhe sin. Má bhíonn an fhaisnéis go léir ann, sanntar Eircode do na seoltaí nua sin agus cuirtear leis an Aimsitheoir Eircode iad.

Más áitreabh nuathógtha nó nua-áitithe atá i gceist, caithfidh do sheoladh agus a shuíomh a bheith san áireamh sa bhunachar sonraí a fhaighimid ó GeoDirectory DAC An Post (fochuideachta de An Post) chun cead a fháil Eircode a shannadh.

Caithfidh 2 líne ar a laghad den seoladh poist, príomhbhaile poist, agus comhordanáidí geografacha a bheith sna mionsonraí faoin seoladh atá i mbunachar sonraí GeoDirectory An Post, chun Eircode a shannadh don seoladh sin. Má tá faisnéis in easnamh ón mbunachar sonraí, bheimis ag súil go gcuirfí san áireamh í i nuashonrú eile amach anseo ar bhunachar sonraí An Post GeoDirectory.

Murar gabhadh seoladh poist, b’fhéidir go gcaithfimid tú a atreorú chuig Seirbhísí do Chustaiméirí An Post, le go ngabhfar do sheoladh.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas agus cathain a shanntar éirchóid nua, tabhair cuairt ar Eircode a Fháil.

Mura bhfuil tú cinnte cé acu a bhfuil nó nach bhfuil Eircode ag do sheoladh is féidir leat an tAimsitheoir Eircode a úsáid chun é sin a sheiceáil. Mura n-éiríonn le cuardach seolta, is féidir leat an léarscáil a úsáid chun suíomh an áitribh a aimsiú. Má tá marcóir foirgnimh ann (arna léiriú le ponc bándearg), tá Eircode ann don áitreabh.

Mura bhfuil ponc bándearg ar an léarscáil ag an suíomh, ciallaíonn sin nach bhfuil aon Eircode sannta dó – d’fhéadfadh cúiseanna éagsúla a bheith leis sin.

  • Is féidir nár gabhadh do sheoladh agus a shuíomh go fóill agus dá bhrí sin níor áiríodh é i nuashonrú ar bhunachar sonraí An Post GeoDirectory.
    Mar shampla, seans go dtógfaidh sé tamall seoladh nua a chur san áireamh. Nuair a tharlaíonn sin bheimis ag súil go mbeadh sé san áireamh i nuashonrú eile amach anseo.
  • Is féidir nár gabhadh do sheoladh agus a shuíomh go hiomlán. Caithfidh 2 líne ar a laghad den seoladh poist, príomhbhaile poist, agus comhordanáidí geografacha a bheith i mbunachar sonraí An Post GeoDirectory chun go sannfar Eircode don seoladh sin.
    Mar shampla, seans go dtógfaidh sé tamall an fhaisnéis uile a fháil le haghaidh foirgneamh nuathógtha. Má tá cuid ar bith den fhaisnéis sin in easnamh ón mbunachar sonraí, bheimis ag súil go gcuirfeadh An Post GeoDirectory san áireamh í i nuashonrú eile amach anseo.  
  • Is féidir gur foirgneamh tánaisteach é an t-áitreabh nach bhfuil seoladh poist aige agus, mar sin, nach bhfuil Eircode sannta dó.
    Mar shampla, d’fhéadfaí post a sheachadadh chuig suíomh lárnach ar champas ina mbeadh go leor foirgneamh agus d’fhéadfaí an post a dháileadh ar fhoirgnimh eile ansin.

Le tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar Cad a Fhaigheann Eircode?

Má tá d’áitreabh ann le blianta fada agus mura féidir leat Eircode a fháil ar an Aimsitheoir Eircode, déan teagmháil linn agus beidh duine éigin ó Fhoireann Eircode sásta cuidiú leat. 

Cuireann An Post GeoDirectory comhad nuashonraithe ar fáil gach mí ina mbíonn seoltaí poist agus sonraí suímh maidir leis na foirgnimh nua a gabhadh an mhí roimhe sin. Sanntar Eircode do na seoltaí nua sin agus cuirtear leis an Aimsitheoir Eircode ansin iad.

Soláthraíonn An Post GeoDirectory nuashonrú iomlán gach ráithe, lena n-áirítear sonraí seolta agus suímh maidir le foirgnimh nua, athcheaptha nó athchóirithe, chomh maith le haon athruithe ar na seoltaí a bhí ann cheana, a gabhadh sna trí mhí roimhe sin. Sanntar éirchóid agus cuirtear aon athruithe i bhfeidhm. Ag an bpointe seo, seoltar litreacha fógra maidir le gach seoladh ar sannadh Eircode dó sa ráithe chuig áititheoir na bhfoirgneamh.

Soláthraíonn Eircode nuashonruithe freisin do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí ceadúnaithe gach mí agus gach ráithe.Má tá suim agat ceadúnas a fháil chun bunachar sonraí Eircode a úsáid, tabhair cuairt ar an rannóg Ghnó den suíomh gréasáin seo chun tuilleadh eolais a fháil.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcéad nuashonrú ráithiúil eile tabhair cuairt ar Eircode a Fháil.

Sanntar Eircode do sheoladh poist.

I gcás seoltaí cónaithe, is samplaí iad gach teach ar shráid, gach árasán i bhfoirgneamh árasán, gach teach i mbaile fearainn tuaithe, nó gach aonad in aonad dhá urlár.

Maidir le seoltaí neamhchónaithe, is samplaí iad gach foirgneamh oifige, gach aonad in ionad siopadóireachta, nó gach aonad i bpáirc ghnó. 

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig Cad a Fhaigheann Eircode.

De ghnáth, ní shanntar Eircode do gach gnólacht nó tionónta i bhfoirgneamh il-thionóntachta toisc go mbaineann an Eircode le seoladh an fhoirgnimh, ní leis na gnólachtaí laistigh den fhoirgneamh.

I bhfoirgnimh il-aonad, sanntar Eircode do gach aonad de ghnáth, e.g. gach siopa / aonad in ionad siopadóireachta.

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig Cad a Fhaigheann Eircode.

Níl Eircode á shannadh d’uimhreacha Boscaí Oifige Poist faoi láthair.

Is féidir tuilleadh eolais faoi cad a fhaigheann Eircode a fháil anseo.

De ghnáth, má bhíonn oifig a fhaigheann post ag láithreán stad, faigheann seoladh na hoifige Eircode. I gcás láithreán stad ina bhfuil bánna uimhrithe, faigheann seoladh gach bá Eircode. Má bhogann carbhán nó teach soghluaiste laistigh de bhá, ní leis an gcarbhán an Eircode, ach leis an mbá ina bhfanann sé.

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig Cad a Fhaigheann Eircode.

Is dócha nach bhfuil seoladh poist ar leithligh ag do gharáiste athchóirithe. Dá bhrí sin, úsáidfear an Eircode céanna atá ag do theach don gharáiste tiontaithe.

Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar Eircode a Fháil.

Toisc gur cuid den bhonneagar náisiúnta é Eircode ní féidir roghnú gan ceann a fháil. De bhreis air sin, sanntar Eircode do sheoladh, seachas do dhuine aonair. Is féidir leat a roghnú gan Eircode a úsáid.

Eircode a úsáid

Nuair a fhaigheann tú litir fógra maidir le Eircode, ciallaíonn sé gur sannadh Eircode nua do do sheoladh. Ba cheart duit nóta a dhéanamh den Eircode atá sa litir ionas gur féidir leat é a sheiceáil go héasca nuair is gá. I mí Feabhra, i mí na Bealtaine, i mí Iúil agus i mí na Samhna seoltar litreacha fógra maidir le gach seoladh ar sannadh Eircode dó ó bhí an nuashonrú ráithe deireanach ann.

Ní gá duit litir fógra maidir le Eircode a bheith agat chun Eircode a úsáid.

Is féidir gach Eircode a aimsiú ar an Aimsitheoir Eircode, suíomh gréasáin poiblí a chuireann ar do chumas Eircode a chuardach de réir seoladh nó trí bhíthin áitreabh a aimsiú ar an léarscáil.

Is féidir leat suíomh do Eircode a sheiceáil agus éirchóid eile a aimsiú ar an Aimsitheoir Eircode, agus ar fhón cliste, is féidir an rogha Faigh Treoracha a úsáid chun eolas an bhealaigh a fháil chuig seoladh. Is féidir leat an Eircode a phriontáil freisin ionas gur féidir leat é a sheiceáil go héasca nuair is gá.

Tá tuilleadh eolais faoi conas an tAimsitheoir Eircode a úsáid le fáil ar ár leathanach Cabhrach. 


Is féidir gach Eircode a aimsiú ar an Aimsitheoir Eircode, suíomh gréasáin poiblí a chuireann ar do chumas Eircode a chuardach de réir seoladh nó léarscáil. Is féidir an tAimsitheoir Eircode a úsáid ar ríomhaire, ar tháibléad, nó ar fhón cliste.

Tá tuilleadh eolais faoi conas an tAimsitheoir Eircode a úsáid le fáil ar ár leathanach Cabhrach.

Is féidir gach Eircode a fháil ar an Aimsitheoir Eircode. Aimsítear Eircode trí chuardach a dhéanamh le seolad, nó is féidir an léarscáil a úsáid freisin chun an t-áitreabh a aimsiú agus an Eircode don seoladh sin a fheiceáil.

Tá tuilleadh eolais faoi conas an tAimsitheoir Eircode a úsáid le fáil faoin gceist Conas a Úsáidim an tAimsitheoir Eircode thíos.

Tá sé tábhachtach an Eircode ceart le haghaidh do sheoladh a sholáthar. Lena chinntiú go bhfuil an Eircode atá á úsáid agat ceart, ba cheart duitse, nó duine a bhfuil aithne agat air a bhfuil rochtain aige ar an idirlíon, suíomh an Eircode ar an Aimsitheoir Eircode a sheiceáil. Is féidir an tAimsitheoir Eircode a úsáid ar ríomhaire, ar tháibléad, nó ar fhón cliste.

Nuair a chuardaíonn tú Eircode de réir seoladh nó léarscáil beidh tú in ann suíomh an Eircode a fheiceáil ar léarscáil chun a dheimhniú an bhfuil sé ceart. Cuireann an léarscáil ar do chumas zúmáil isteach agus amach agus amhairc uirthi i mód satailíte chun cuidiú leat a dheimhniú go bhfuil an suíomh ceart.  

Má theastaíonn cúnamh uait nó mura féidir leat Eircode a aimsiú, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn agus beidh duine éigin ó Fhoireann Eircode sásta cuidiú leat. 

Ba cheart Eircode a chur ag deireadh seoladh, díreach faoi bhun an Chontae. Má tá tú ag scríobh chuig duine in Éirinn agus tú thar lear, ba cheart go rachadh an Eircode idir an Contae agus an Tír.

Agus an Eircode á úsáid chun litreacha nó beartáin a sheoladh tríd an bpost, ba chóir é a úsáid le seoladh poist iomlán. Molann An Post duit an seoladh poist agus Eircode a úsáid chun míreanna a sheoladh tríd an bpost mar d'fhéadfadh moill, mísheachadadh nó seachadadh poist neamhiomlán a bheith mar thoradh ar sheoladh mícheart nó neamhiomlán a úsáid. 

Agus tú ag siopadóireacht ar líne nó ag comhlánú foirmeacha ar líne seans go n-iarrfar Eircode ort mar chuid de do sheoladh. Tabharfaidh roinnt suíomhanna gréasáin deis duit an Eircode a iontráil sa réimse cód poist nó seans go n-iarrfaidh cinn eile do Eircode ort chun do sheoladh a uathlíonadh. Féadfaidh foirmeacha ar líne glacadh leis an Eircode mar dhá chuid ar leithligh le spás idir an Eochair Ródúcháin agus an tAitheantóir Uathúil mar shampla A65 F4E2 nó mar theaghrán seacht gcarachtar amháin, mar shampla A65F4E2.

Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar Eircode a Úsáid.

Ba cheart an Eircode a chur ag deireadh seoladh, díreach faoi bhun an Chontae. Má tá tú ag scríobh chuig duine in Éirinn agus tú thar lear, ba cheart go rachadh an Eircode idir an Contae agus an Tír.

Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar Eircode a Úsáid.

Molann An Post duit an seoladh poist agus Eircode a úsáid chun míreanna a sheoladh tríd an bpost mar d'fhéadfadh moill, mísheachadadh nó seachadadh poist neamhiomlán a bheith mar thoradh ar sheoladh mícheart nó neamhiomlán a úsáid. 

Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar Eircode a Úsáid.

Ar dtús, mholfaimis duit triail a bhaint as i bhformáid dhifriúil – féadfaidh foirmeacha ar líne glacadh leis an Eircode mar dhá chuid ar leithligh le spás idir an Eochair Ródúcháin agus an tAitheantóir Uathúil mar shampla A65 F4E2 nó mar theaghrán seacht gcarachtar amháin mar shampla A65F4E2 .

Tá méadú ag teacht i gcónaí ar líon na n-eagraíochtaí a bhfuil a gcórais á nuashonrú acu chun éirchóid a aithint ó seoladh Eircode in 2015. Táimid ag súil go n-úsáidfidh níos mó agus níos mó eagraíochtaí Eircode le himeacht ama. 

Níl héigeantach é Eircode a úsáid. Mar sin féin, féadfaidh eagraíochtaí áirithe Eircode a iarraidh chun rochtain a fháil ar a gcuid táirgí nó seirbhísí. Ní seoltaí uathúla iad thart ar 35% de na seoltaí in Éirinn ach tá gach Eircode uathúil ag áitreabh tí nó gnó, fiú iad siúd a bhfuil an seoladh céanna ag baint leo. Mar sin, cuidíonn Eircode le heagraíochtaí seoltaí neamh-uathúla a aithint thar a chéile.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na buntáistí a bhaineann le Eircode a úsáid, tabhair cuairt ar Bhuntáistí .

Ní héigeantach é Eircode a úsáid, agus níl aon oibleagáid ort é a sholáthar nuair a iarrtar ort. Mar sin féin, aithníonn go leor eagraíochtaí na buntáistí a bhaineann le Eircode chun eispéireas níos fearr a sholáthar do chustaiméirí agus d'fhéadfaidís an Eircode a éileamh chun a gcuid táirgí nó seirbhísí a sholáthar. 

Rinneadh cúram lena chinntiú nach bhfuil aon fhocail ghránna, giorrúcháin ghránna, ainmneacha ná béarlagair in Eircode. Má chreideann tú go bhfuil an Eircode le haghaidh do sheoladh míchuí, féach ar ár gCód Cleachtais chun eolas a fháil faoi conas athbhreithniú ar an Eircode a iarraidh. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn freisin, agus beimid sásta cabhrú leat.

Is iomaí buntáiste a bhaineann le Eircode a úsáid, mar shampla cuidíonn sé le heagraíochtaí seoltaí a shainaithint go cruinn lena chinntiú go ndéantar earraí agus seirbhísí a sheachadadh níos tapa agus níos cruinne. Féadfaidh sé cuidiú le seirbhísí éigeandála leighis seoltaí a aimsiú ar bhealach níos tapúla agus níos éasca freisin.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na Buntáistí a bhaineann le Eircode, tabhairt cuairt ar Bhuntáistí.

Tá Eircode comhtháite ina gcórais ag an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna agus ag an tSeirbhís Freagartha Glaonna Éigeandála.

Má sholáthraíonn tú Eircode chomh maith le seoladh, ní gá dóibh treoracha a iarraidh ort mar soláthraíonn na comhordanáidí geografacha i mbunachar sonraí Eircode an fhaisnéis is gá chun suíomh beacht a bhaint amach.

Úsáideann siad an Eircode sa bhreis ar an seoladh, ní in áit an tseolta, mar sin mura bhfuil do Eircode ar láimh agat beidh an t-oibreoir fós in ann cuidiú leat ar an mbealach céanna a dhéanfaidís sula raibh an Eircode ar fáil.

Níl aon chostas don phobal i gcoitinne Eircode a úsáid.

Is féidir le gnólachtaí agus eagraíochtaí ceadúnas a fháil chun bunachar sonraí Eircode a úsáid – chun tuilleadh eolais a fháil faoi tháirgí Eircode do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí tabhair cuairt ar ár leathanach gnó.

Seoltaí

Baineann Eircode úsáid as seoltaí agus comhordanáidí geografacha arna soláthar ag GeoDirectory DAC An Post  (fochuideachta de An Post). Faigheann GeoDirectory An Post a gcuid faisnéise ó Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann, ón mBrainse Logainmneacha (An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta), agus ón Soláthraí Seirbhíse Uilíche le haghaidh seirbhísí poist in Éirinn, An Post. 

Níl aon seoladh oifigiúil amháin ann le haghaidh aon seoladh suímh in Éirinn agus féadfaidh go leor leaganacha de sheoladh a bheith ann, amhail seoltaí geografacha, poist, toghcháin nó stairiúla.

Seans go bhfuil seoltaí éagsúla tugtha ag eagraíochtaí difriúla d’fhoirgnimh chun críocha difriúla e.g., féadfaidh seoltaí poist seoladh a thaifeadadh bunaithe ar bhealaí poist, nó féadfaidh taifid eaglaise seoladh a thaifeadadh bunaithe ar theorainneacha paróiste. Ní athraíonn Eircode na seoltaí sin ná ní chuireann seoltaí nua ina n-áit.

Tá an seoladh poist agus geografach sa bhunachar sonraí Eircode is féidir leat a úsáid leis an Aimsitheoir Eircode. Soláthraíonn GeoDirectory An Post an dá sheoladh sin dúinn.

Níl ach an seoladh poist ar litreacha fógra Eircode, a sheoltar nuair a shanntar Eircode nua, toisc gurb é sin an seoladh a mholann An Post chun litreacha a sheachadadh go sábháilte agus go héifeachtúil.

Ní féidir le Eircode na seoltaí seo a leasú ná a athrú.    

Níl aon seoladh oifigiúil amháin ann le haghaidh aon suíomh in Éirinn agus féadfaidh go leor leaganacha de sheoladh a bheith ann, amhail seoltaí geografacha, poist, toghcháin nó stairiúla.

Tá an seoladh poist agus geografach san Aimsitheoir Eircode agus soláthraíonn GeoDirectory An Post an dá sheoladh dúinn.

Ní féidir le Eircode na seoltaí seo a leasú ná a athrú.

Soláthraíonn An Post GeoDirectory ainmneacha gnó dúinn mar chuid den seoladh poist agus ní féidir le Eircode an fhaisnéis sin a leasú ná a athrú. Má tá an t-ainm gnó mícheart, beidh ort teagmháil a dhéanamh le An Post GeoDirectory agus a iarraidh go leasófaí an seoladh. De réir mar a dhéanann siad a gcuid faisnéise a nuashonrú agus a sholáthar dúinn, déanfar na hathruithe i mbunachar sonraí Eircode agus beidh siad ar ár nAimsitheoir Eircode tar éis gach nuashonraithe.  

Is cuid den seoladh poist é ainm foirgnimh nó tí. Soláthraíonn GeoDirectory An Post gach seoladh poist dúinn agus ní féidir le Eircode na seoltaí sin a leasú ná a athrú. Má cheapann tú go bhfuil an seoladh poist mícheart, seans go mbeidh orainn tú a atreorú chuig Seirbhísí do Chustaiméirí An Post le go ndéanfaidh siad athbhreithniú ar do sheoladh poist.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn agus beidh duine éigin ó Fhoireann Eircode sásta cuidiú leat.

Is seoladh é seo atá inaitheanta go huathúil le hainm foirgnimh nó le huimhir fhoirgnimh. Mar shampla, d’fhéadfadh uimhir nó ainm tí a bheith ag teach, rud a fhágann go mbeidh sé éagsúil ó gach teach eile ar shráid nó in eastát.

Mar shampla - 37 Sráid Sheoirse, Cionn tSáile, Co. Chorcaí nó Feirm Lus an Chromchinn, Bóthar an Bhaile Nua, Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo 

Is éard is seoladh neamhuathúil ann ná áitreabh a bhfuil an seoladh céanna aige agus atá ag ar a laghad áitreabh amháin eile i gceantar. Níl ainm ná uimhir tí uathúil ag na seoltaí sin a chuirfeadh ar chumas duine an suíomh ceart a shainaithint. Is minic a bhíonn seoladh neamhuathúil á roinnt ag níos mó ná áitreabh amháin sa bhaile fearainn céanna, rud a fhágann go dtéann sé deacair ar ghnólachtaí agus ar eagraíochtaí earraí nó seirbhísí a sheachadadh chuig na seoltaí sin. 

Mar shampla – Baile an Chaisleáin, An tAonach, Co. Thiobraid Árann

Ceann de na buntáistí a bhaineann le Eircode ná go gcuidíonn sé le duine seoladh sonrach a aimsiú i gceantar ina bhfuil an seoladh neamh-uathúil céanna ag níos mó ná áitreabh amháin.

Úsáidtear an Eircode céanna sa leagan Gaeilge agus sa leagan Béarla de sheoladh.

Níor athraíodh agus ní athrófar seoltaí, ná ní chuirfear seoltaí nua ina n-áit. Ní dhéantar ach Eircode a chur le deireadh seoladh poist atá ann cheana.

Níl aon seoladh oifigiúil amháin ann le haghaidh aon suíomh in Éirinn agus féadfaidh go leor leaganacha de sheoladh a bheith ann, amhail seoltaí geografacha, poist, toghcháin nó stairiúla.

Seans go bhfuil seoltaí éagsúla tugtha ag eagraíochtaí difriúla d’fhoirgnimh chun críocha difriúla e.g., féadfaidh seoltaí poist seoladh a thaifeadadh bunaithe ar bhealaí poist, nó féadfaidh taifid eaglaise seoladh a thaifeadadh bunaithe ar theorainneacha paróiste.

Beag beann ar an seoladh a úsáidtear, tá na comhordanáidí geografacha mar an gcéanna agus léiríonn an Eircode a shuíomh cruinn ar léarscáil. Is iad na seoltaí poist a sholáthraíonn GeoDirectory An Post na seoltaí a úsáidtear chun éirchóid a shannadh.

An tAimsitheoir Eircode

Is éard atá san Aimsitheoir Eircode suíomh gréasáin poiblí a chuireann ar do chumas Eircode a chuardach de réir seoladh nó trí bhíthin áitreabh a aimsiú ar léarscáil. Is féidir leat cuardach a dhéanamh de réir Eircode freisin chun suíomh seoladh a aimsiú ar an léarscáil. Is féidir leat an rogha Faigh Treoracha a úsáid ar fhón cliste chun eolas an bhealaigh a fháil chuig Eircode.

Is féidir an tAimsitheoir Eircode a úsáid ar ríomhaire, ar tháibléad, nó ar fhón cliste agus tá sé ar fáil 24/7.

Tá tuilleadh eolais faoi conas an tAimsitheoir Eircode a úsáid le fáil ar ár leathanach Cabhrach lena n-áirítear roinnt físeán gearr faoi conas an tAimsitheoir Eircode a úsáid.

Is féidir teacht ar an Aimsitheoir Eircode ag www.eircode.ie. Cuireann sé ar do chumas Eircode a chuardach trí sheoladh a úsáid nó tríd an bhfeidhm Aimsigh ar Léarscáil a úsáid. Má tá tú ag féachaint ar an Aimsitheoir ar fhón cliste, is féidir leat ‘Faigh Treoracha’ a úsáid freisin chun eolas an bhealaigh a fháil chuig Eircode, nó an rogha ‘Úsáid mo Shuíomh’ a roghnú chun Eircode a fháil bunaithe ar do shuíomh reatha.

Tá tuilleadh eolais faoi conas an tAimsitheoir Eircode a úsáid le fáil ar ár leathanach Cabhrach lena n-áirítear roinnt físeán gearr faoi conas an tAimsitheoir Eircode a úsáid.

D’fhéadfadh cúiseanna éagsúla a bheith leis sin.

D’fhéadfadh an seoladh atá á úsáid chun an Eircode a chuardach a bheith beagán difriúil ón seoladh sa bhunachar sonraí agus dá bhrí sin seans nach bhfuil aon torthaí cuardaigh á bhfáil agat. Mholfaimis duit cuardach a dhéanamh gan an chéad líne den seoladh nó an léarscáil a úsáid chun d’áitreabh a aimsiú. Agus d’áitreabh aimsithe agat, má tá marcóir foirgnimh ann (arna léiriú le ponc bándearg), tá Eircode ann dó. Bog an léarscáil ionas go mbeidh an targaid os cionn mharcóir an fhoirgnimh agus cliceáil 'Faigh Eircode'.

Mura bhfuil marcóir foirgnimh (arna léiriú le ponc bándearg) ar an léarscáil, seans nár gabhadh an seoladh fós nó nár gabhadh go hiomlán é agus, dá bhrí sin, nár áiríodh é i nuashonrú ar bhunachar sonraí An Post GeoDirectory, a úsáidtear chun éirchóid a shannadh.

I gcásanna áirithe, mar shampla más le haghaidh foirgneamh nuathógtha é an seoladh, tógann sé tamall faisnéis faoin seoladh agus na comhordanáidí geografacha a fháil, nithe a theastaíonn uainn chun Eircode a shannadh.

Is féidir gur foirgneamh tánaisteach é an t-áitreabh nach bhfuil seoladh poist aige agus, mar sin, nach bhfuil Eircode sannta dó. Mar shampla, d’fhéadfaí post a sheachadadh chuig suíomh lárnach ar champas ina mbeadh go leor foirgneamh agus d’fhéadfaí an post a dháileadh ar fhoirgnimh eile ansin.

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig Cad a fhaigheann Eircode. 

Má theastaíonn cúnamh uait nó mura féidir leat Eircode a aimsiú, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn agus beidh duine éigin ó Fhoireann Eircode sásta cuidiú leat. 

Seans gur foirgneamh tánaisteach é an t-áitreabh a bhfuil tú ag féachaint air nach bhfuil seoladh poist aige agus, mar sin, nach bhfuil Eircode sannta dó. Nó seans gur áitreabh nua, áitreabh a bhfuil úsáid nua á baint as nó áitreabh athchóirithe é, nach bhfuil seoladh poist ag baint leis fós.


Mura dtaispeántar Eircode ar an Aimsitheoir Eircode is dócha go sannfar ceann i gceann de na chéad nuashonruithe eile. A luaithe a fhaightear seoladh iomlán nua ó An Post GeoDirectory, sannfar Eircode dó agus cuirfear an seoladh agus a shuíomh leis an Aimsitheoir Eircode.

Eircode do ghnólachtaí

Is féidir éirchóid agus sonraí iomlána Eircode a úsáid ar go leor bealaí i do ghnólacht. Is iomaí buntáiste do gnólachtaí agus do chustaiméirí araon a bhaineann leo.

Mar shampla, is féidir leat sonraí Eircode a úsáid le haghaidh:

Pleanáil lóistíochta – barrfheabhsú bealaigh agus sceidil seachadta

Toisc go bhfuil Eircode uathúil ag seoladh bíonn sé níos éasca pointí beachta seachadta agus bailithe a shainaithint, rud a chuidíonn le seachadadh tráthúil.

Gabháil seoltaí níos tapúla agus níos cruinne

Fágann Eircode gur féidir brath ar sheoltaí agus, mar sin, gur féidir seoltaí a ghabháil ar bhealach níos tapúla agus níos cruinne trí láithreáin ghréasáin nó trí ionaid ghlaonna. Déanann siad maitheas don ghnólacht agus cuireann siad idirbheart níos fearr ar fáil don chustaiméir.

Bainistiú sonraí níos fearr

Trí úsáid a bhaint as sonraí Eircode is féidir le heagraíochtaí bunachair shonraí a thagann ó fhoinsí éagsúla a ghlanadh, a réiteach agus a dhí-mhacasamhlú.

Is féidir an t-eolas ar fad faoi conas rochtain a fháil ar shonraí Eircode, cásanna úsáide, réitigh agus praghsáil a fháil ar ár leathanach Gnó. 

Soláthraítear sonraí nuashonraithe Eircode gach mí. D’fhéadfaí sin a dhéanamh go díreach chuig úsáideoir deiridh Eircode nó chuig a sholáthraí sonraí, ag brath ar an gcineál ceadúnais atá acu. Tá na nuashonruithe sin mar an gcéanna i ngach earnáil.

Tugtar ceadúnas do Sholáthraí Eircode chun bunachar sonraí Eircode a chomhtháthú lena réitigh bhogearraí féin agus na táirgí sin a chur ar aghaidh chuig custaiméirí úsáideora deiridh.Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar Bí i do Sholáthraí.

Dearadh Eircode

Is éard atá in Eircode, an córas cód poist d'Éirinn a seoladh i mí Iúil 2015. Cód poist alfa-uimhriúil seacht gcarachtar atá in Eircode. Tá Eircode uathúil ag seoladh poist agus ag a shuíomh geografach.

Tá Eircode comhdhéanta de dhá chuid - Eochair Ródúcháin, agus Aitheantóir Uathúil. Sampla de Eircode tipiciúil a bheadh in A65 F4E2. 

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a n-oibríonn Eircode agus faoin gcaoi ar dearadh an córas, tabhair cuairt ar Cad is Eircode ann.

Eircode an t-ainm atá ar an gcóras náisiúnta cód poist in Éirinn. Tá ainmneacha difriúla ag tíortha eile ar a gcórais cód poist. Sna Stáit Aontaithe tugtar ‘cóid zip’ orthu, sa Fhrainc úsáidtear ‘cód postála’, sa Ghearmáin úsáidtear an giorrúchán ‘PLZ’ agus sa Ríocht Aontaithe úsáidtear an téarma ‘postchód’.

Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar Cad is Eircode ann.

Ach Eircode uathúil a bheith ag gach seoladh, cuidítear le dhá fhadhb shuntasacha le seoltaí in Éirinn a réiteach. An chéad fhadhb ná gur seoltaí neamhuathúla iad os cionn 35% de na seoltaí in Éirinn, is é sin le rá, gurb ionann seoladh áitribh agus seoladh áitribh amháin eile ar a laghad. An dara fadhb ná go bhféadfaidh go leor foirmeacha éagsúla a bheith ag seoladh. Trí Eircode uathúil a chur i bhfeidhm ar gach seoladh cuidítear leis an dá fhadhb sin a réiteach.

Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar Cad is Eircode ann.

Tá soláthar déanta sa dearadh do mhéadú ar líon na n-áiteanna cónaithe agus na n-áitreabh gnó ar fud na tíre chomh maith le hathrú ar an úsáid a mbaintear as foirgnimh. Tá go leor cumais i ngach Eochair Ródúcháin chun soláthar a dhéanamh don fhás a bhfuiltear ag súil leis.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a n-oibríonn Eircode agus faoin gcaoi ar dearadh an córas, tabhair cuairt ar Cad is Eircode ann.

Ní dearadh éirchóid le bheith seicheamhach. De réir mar a dhéantar foirgnimh a thógáil, a athrú agus a leagan, déantar éirchóid a shannadh nó a chur as feidhm, rud a d’fhágfadh go dtitfeadh cóid sheicheamhacha as ord go han-tapa.  Mar shampla:

  • Nuair a thógtar foirgneamh nua idir dhá fhoirgneamh atá ann cheana
  • Nuair a roinntear foirgneamh atá ann cheana ina n-árasáin éagsúla nó ina áitreabh gnó
  • Nuair a dhéantar foirgneamh atá ann cheana agus atá roinnte ina n-árasáin éagsúla a athchóiriú ina áitreabh cónaithe amháin nó ina áitreabh gnó amháin

Toisc nach cóid sheicheamhacha iad éirchóid, ní dhéantar difear d'aon Eircode atá sa cheantar cheana féin nuair a shanntar Eircode nua, ná nuair a chuirtear Eircode as feidhm. 

Tá carachtair áirithe fágtha ar lár ón tacar carachtar a úsáidtear le haghaidh éirchód chun doiléire a sheachaint agus iad á léamh nó á rá amach os ard. Tá an uimhir nialas san áireamh sa tacar carachtar a úsáidtear le haghaidh éirchód, ach níl an litir 'O'. Rinneadh an cinneadh dearaidh sin d’aon ghnó lena chinntiú nach mbeadh dhá charachtar atá cosúil lena chéile le feiceáil in Eircode.

Maidir le córais a úsáideann éirchóid, moltar dóibh na treoirlínte teicniúla a sholáthraíonn Eircode a leanúint agus an litir ‘O’ a léamh agus a léirmhíniú i gceart mar an uimhir nialas, fiú amháin i gcás gur chuir duine éigin an litir ‘O’ isteach de dhearmad agus an Eircode á chur ar fáil aige.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a n-oibríonn Eircode agus faoin gcaoi ar dearadh an córas, tabhair cuairt ar Cad is Eircode ann.

Déantar athbhreithniú ar ord na gcarachtar alfa-uimhriúla in Eircode lena chinntiú go bhfágtar ainmneacha béarlagair, giorrúcháin ghránna nó focail ghránna ar lár.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a n-oibríonn Eircode agus faoin gcaoi ar dearadh an córas, tabhair cuairt ar Cad is Eircode ann.

Níl éirchóid nasctha le contae ná le cathair, ach amháin i gcás Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil na ceantair poist in úsáid le blianta fada. Dá n-úsáidfí mionsonraí contae nó cathrach sa dearadh Eircode níos leithne, chuirfí teorainn leis na teaglamaí alfa-uimhriúla a bheadh ar fáil.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a n-oibríonn Eircode agus faoin gcaoi ar dearadh an córas, tabhair cuairt ar Cad is Eircode ann.

Tá na huimhreacha ceantair phoist atá i mBaile Átha Cliath cheana féin mar chuid den dearadh Eircode e.g. coinnítear 1 go 24 agus 6W san Eochair Ródúcháin mar D01 go D24. Tá na ceantair phoist sin i mBaile Átha Cliath in úsáid le blianta fada agus is maith a aithníonn an bpobal iad.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a n-oibríonn Eircode agus faoin gcaoi ar dearadh an córas, tabhair cuairt ar Cad is Eircode ann.

Sanntar Eircode do gach seoladh. Don seoladh agus ní don duine a shanntar an Eircode agus ní féidir é a athrú ná a phearsanú. Má bhogann tú go teach nua, ní thugann tú an Eircode leat.

Ilghnéitheach

Níl aip ag Eircode faoi láthair. Mar sin féin, is féidir leat aicearra a chruthú don Aimsitheoir Eircode ar scáileán ghléas do ghutháin chliste. Cuirfidh sin ar do chumas rochtain a fháil ar an Aimsitheoir Eircode go tapa ó d’fhón cliste chun Eircode, seoladh, nó treoracha a fháil maidir le suíomh Eircode.

Is féidir é sin a dhéanamh i mbeagán céimeanna an-simplí agus cé nach bhfuil an fheidhmiúlacht chéanna aige agus atá ag aip is bealach tapa agus áisiúil é rochtain a fháil ar an Aimsitheoir Eircode ó ghléas fón cliste.

Lean na céimeanna a leagtar amach anseo chun aicearra a chruthú ar ghléas iOS nó Android.

Ní choinnítear faisnéis phearsanta inaitheanta ar bhunachar sonraí Eircode ná ar an Aimsitheoir Eircode. Tá seoltaí agus éirchóid os cionn 2.2 milliún áitreabh ar fud na tíre iontu. D’fhéadfadh ainmneacha gnó a bheith i roinnt seoltaí, mar ainm duine aonair i gcásanna áirithe, go háirithe i gcás gnólachtaí beaga nó trádálaithe aonair. Bunaítear an fhaisnéis i mbunachar sonraí Eircode agus ar an Aimsitheoir Eircode ar fhaisnéis a fhaightear ó GeoDirectory An Post. 

Níl sé i gceist ag Eircode crannchur cód poist a bhunú ná a fhormhuiniú.

Ní féidir linn an litir Eircode bhunaidh a atheisiúint, ach is féidir leat an Eircode a aimsiú trí úsáid a bhaint as an Aimsitheoir Eircode. Is éard atá san Aimsitheoir Eircode, suíomh gréasáin poiblí a chuireann ar do chumas Eircode a chuardach de réir seoladh nó trí bhíthin áitreabh a aimsiú ar an léarscáil. Tugann sé deis duit an Eircode agus an seoladh gaolmhar a phriontáil freisin.

Más fearr leat do Eircode a fháil i litir is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn agus beidh duine éigin ón Fhoireann Eircode sásta an Eircode a dheimhniú i scríbhinn .

Má theastaíonn cúnamh uait is féidir leat ceist a sheoladh chugainn ar líne, ríomhphost a sheoladh chugainn ag hello@eircode.ie, nó glaoch orainn ag 0818 300 00501 901 2232 agus beidh duine éigin ón Fhoireann Eircode sásta cuidiú leat.