Accessibility Statement

Príobháideacht

POLASAÍ PRÍOBHÁIDEACHTA

CÚLRA:
Tuigeann Capita Business Support Services Éire go bhfuil do phríobháideacht tábhachtach agat agus gur spéis leat mar a úsáidtear agus a chomhroinntear do shonraí pearsanta ar líne. Tá meas agus luach againn ar phríobháideacht gach duine a thagann chuig an suíomh idirlín seo, http://eircode.ie (“Ár Suíomh”) agus ní bhaileoimid ná ní úsáidfimid sonraí pearsanta ach ar dhóigheanna a gcuirtear síos orthu anseo, agus ar shlí atá ag cur lenár n-oibleagáidí agus le do chearta sa dlí.

Léigh an Polasaí Príobháideachta seo go cúramach agus cinntigh go dtuigeann tú é. Tuigtear go glacann tú lenár Polasaí Príobháideachta nuair a úsáideann tú ár suíomh den chéad uair. Mura nglacann ná mura n-aontaíonn tú leis an bPolasaí Príobháideachta seo, ní mór duit stopadh d'úsáid ár suímh láithreach.

  1. Sainmhínithe agus léirthuiscint 

    Sa pholasaí seo, beidh ná bríonna seo a leanas leis na téarmaí seo a leanas  :  

    sonraí pearsanta

    Sonraí uile agus sonraí ar bith a bhaineann le duine so-aitheanta ar féidir é/í a shainaithint ó na sonraí sin. Sa chás seo, ciallaíonn sé sonraí pearsanta a thugann tú dúinn le dul chuig ár suíomh gréasáin. Sa sainmhíniú seo, beidh na sainmhínithe, nuair is infheidhme, atá i Rialúcháin AE 2016/679 –Rialúchán Ginearálta Cosaint Sonraí (“GDPR”) i gceist; agus

    "Muid/Ár

    Capita Business Support Services Éire Teoranta, comhlacht teoranta, arna chlárú in Éirinn faoi uimhir comhlachta 39516, arb é a sheoladh cláraithe, Aonad “B” Páirc Ghnó agus Theicneolaíochta, Cloich na Coillte, Co Chorcaí, P85 YH98, Éire agus arb é seo thíos a phríomhsheoladh trádála:- Aonad “B” Páirc Ghnó agus Theicneolaíochta, Cloich na Coillte, Co Chorcaí, P85 YH98, Éire.

  2.  Eolas fúinn

    2.1  Capita Business Support Services Éire  Teoranta, arna chlárú in Éirinn faoi uimhir comhlachta 39516, arb é a sheoladh cláraithe,Aonad “B” Páirc Ghnó agus Theicneolaíochta, Cloich na Coillte, Co Chorcaí, P85 YH98, Éire, a fheidhmíonn ár suíomh.
    2.2  IE6415165A ár n-uimhir CBL.
    2.3  Maidir le gach ceist a bhaineann le GDPR agus/nó Cosaint Sonraí, úsáid an seoladh r-phoist seo a leanas: hello@eircode.ie.
    2.4  Táimid faoi rialú Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí in Éirinn.
  3.  Cad é atá Cumhdaithe sa Pholasaí seo?

    Is leis an úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo amháin a bhaineann an Polasaí Príobháideachta seo. D'fhéadfadh naisc chuig suíomhanna gréasáin eile a bheith ar ár suíomh. Tabhair do d'aire nach bhfuil aon smacht againn ar conas a bhailíonn, a stórálann nó a úsáideann suíomhanna eile do shonraí agus comhairlímid duit polasaí príobháideachta a leithéid de shuíomhanna gréasáin a sheiceáil sula dtugann tú aon sonraí dóibh.

  4.  Do Chearta

    1. 4.1 Mar dhuine is ábhar do shonraí, tá na ceart seo a leanas agat faoin GDPR, arb é a chomhlíonadh cuspóir an pholasaí seo agus na húsáide a bhainimid as sonraí pearsanta:     
      1. 4.1.1 An ceart go gcuirfí ar an eolas thú faoinár mbailiú agus úsáid sonraí pearsanta;
      2. 4.1.2 Ceart rochtana ar shonraí pearsanta atá againn fút (féach mír 12);
      3. 4.1.3 Ceart coigeartaithe má tá sonraí pearsanta ar bith atá againn fút míchruinn nó neamhiomlán (déan teagmháil linn trí úsáid na mionsonraí i mír 13);
      4. 4.1.4 An ceart go ndéantar dearmad díot -.i. ceart a iarraidh orainn sonraí pearsanta ar bith atá againn fút a scriosadh (ar feadh achair theoranta amháin a choinnímid do shonraí pearsanta, már ata mínithe i mír 6 ach más mian leat muid iad a scriosadh níos luaithe, déan teagmháil linn trí úsáid na mionsonraí i mír 13);
      5. 4.1.5 An ceart srian (.i. cosc) a chur ar phróiseáil do shonraí pearsanta;;
      6. 4.1.6 An ceart ar iniomparthacht sonraí (cóip de do shonraí pearsanta a fháil chun iad a athúsáid le seirbhís nó eagras eile);
      7. 4.1.7 An ceart cur in aghaidh muid do shonraí pearsanta a úsáid ar chúiseanna ar leith agus
      8. 4.1.8 Cearta maidir le cinnteoireacht agus próifíliú uathoibrithe
    2. 4.2  Má tá aon chúis gearáin agat faoin úsáid a bhainimid as do shonraí pearsanta, déan teagmháil linn, trí úsáid na mionsonraí atá i mír 13 agus déanfaimid ár ndícheall an fhadhb a réiteach duit. Mura féidir linn cabhrú leat, tá de cheart agat fosta gearán a chur faoi bhráid údarás maoirseachta na hÉireann, Oifig an Choimisinéara Sonraí.
    3. 4.3 Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi do chearta ach teagmháil a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Sonraí nó do Bhiúiro Comhairle Saoránach.
  5. Cé na sonraí a bhailímid  ?

    Ag brath ar conas a úsáideann tú ár suíomh, d'fhéadfaimis cuid de na sonraí pearsanta nó neamhphearsanta, nó iad uile, seo a leanas a bhailiú:
    5.1 ainm;
    5.2 inscne;
    5.3 ainm gnólachta/comhlachta
    5.4 teideal poist;
    5.5 faisnéis teagmhála amhail seoltaí r-phoist agus uimhreacha teileafóin;
    5.6 Faisnéis dhéimeagrafach amhail Eircode, roghanna agus réimsí spéise;
    5.7 Seoladh IP;
    5.8 cineál agus leagan de bhrabhsálaí gréasáin;
    5.9 córas oibriúcháin;
    5.10 liosta de URLannna ag tosú le suíomh atreorach, do ghníomhaíocht ar Ár Suíomh, agus ar an gcéad suíomh eile a mbíonn tú air; 

  6.  Conas a úsáidimid do shonraí?

    1. 6.1  Próiseáiltear na sonraí pearsanta uile agus stóráiltear go slán iad, ar feadh tréimhse nach faide na mar is gá maidir leis an gcúis/na cúiseanna dár bailíodh ar dtús iad. Comhlíonfaimid ár n-oibleagáidí agus cosnóimid do chearta faoi GDPR i gcónaí. Tuilleadh sonraí ar shlándáil i mír 7 thíos.
    2. 6.2  Beidh bonn dleathach leis an úsáid a bhainfimid as do shonraí pearsanta, óir tá gá leis chun conradh leat a fheidhmiú, thug tú cead dúinn do shonraí pearsanta a úsáid, (m.sh. trí do curriculum vitae a sheoladh chugainn), nó is lenár leas dlisteanach gnó é. Go sainiúil, d'fhéadfaimis do shonraí a úsáid ar na cúiseanna seo a leanas:
      1. 6.2.1 Ár seirbhísí a sholáthar duit (tabhair do d'aird go bhfuil do shonraí pearsanta de dhíth orainn chun conradh a dhéanamh leat);
      2. 6.2.2 Ár seirbhísí a phearsantú agus a shainoiriúint duit;
      3. 6.2.3 Ag freagairt r-phost uait
    3. 6.3 Le do chead agus/nó le cead an dlí, d'fhéadfaimis do shonraí a úsáid ar mhaithe le comhfhreagras má chuireann tú iarratas isteach ar phost agus d'fhéadfaimis teagmháil a dhéanamh leat de r-phost, ar an bhfón, téacsáil nó tríd an bpost le heolas, nuacht, agus tairiscintí ar ár seirbhísí. Ní chuirfimid chugat, áfach, aon ábhar margaíochta nó turscar nár iarradh agus déanfaimid gach beart réasúnach lena chinntiú go gcosnaímid do chearta go hiomlán agus go gcomhlíonaimid ár n-oibleagáidí faoin GDPR agus Rialúcháin Príobháideachta agus Cumarsáid Leictreonach (Treoir AE) 2003.
    4. 6.4 Tá de cheart agat an cead a thug tú dúinn do shonraí pearsanta a úsáid a tharraingt siar am ar bith agus a iarraidh orainn iad a scriosadh.
    5. 6.5  Ní choinnímid do shonraí pearsanta níos faide ná mar is gá maidir leis an gcúis/na cúiseanna dár bailíodh ar dtús iad. Mar sin de, coinneofar ar feadh na dtréimhsí seo a leanas iad (nó socrófar iad a choinneáil ar na cúiseanna seo a leanas):
  7.  Cén Chaoi agus Cén Áit a Stórálaimid do Shonraí?

    1. 7.1 Ní choinnímid do shonraí pearsanta ach chomh fada agus a bhíonn siad de dhíth orainn d'fhonn iad a choinneáil mar atá curtha síos air i mír 6 thuas, agus/nó chomh fada agus a bhíonn cead againn uait iad a choinneáil.
      7.2 Is i Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“an EEA”) a choinneofar do shonraí (Is é atá san EEA gach ballstát de chuid AE, agus an Iorua, An Íoslainn, agus Lichtinstéin) agus in SAM faoi sciath príobháideachta AE-SAM.  
      7.3 Tá slándáil sonraí iontach tábhachtach againn, agus tá bearta cuí déanta againn chun sonraí a bhailítear trínár suíomh a chosaint agus a choinneáil slán.
      7.4 Áirítear leis an bearta a dhéanaimid le do shonraí a chosaint agus a choinneáil slán: 
      Úsáid réimse de theicneolaíochtaí agus gnáthaimh shlándála chun sonraí a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe, athrú, úsáid, nochtadh, caillteanas nó scriosadh de thaisme. Mar shampla, stórálaimid an t-eolas pearsanta a thugann tú ar chórais ríomhaireachta ar a bhfuil rochtain theoranta, lonnaithe in áiseanna rialaithe. Cé go n-úsáideann Capita próisis agus teicneolaíocht chomhaimseartha thionscal-chaighdeánach, ní féidir slándáil faisnéise iomlán a ghealladh, ná ní féidir linn a ghealladh nach n-idircheapfar) an t-eolas a chuireann tú ar fáil agus é á tharchur linn ar an idirlíon. Leanfaidh Capita de pholasaithe a athbhreithniú agus gnéithe breise slándála a chur i bhfeidhm de réir mar a chuirfear teicneolaíochtaí nua ar fáil
       
  8.  An gComhroinnimid do Shonraí?

    1. 8.1 Faoi réir 8.2, ní chomhroinnfimid sonraí ar bith de do chuid le haon tríú páirtí ar chúis ar bith.
    2. 8.2 D'fhéadfaimis staitisticí a chruinniú faoi úsáid ár suímh, lena n-áirítear sonraí ar thrácht, patrúin úsáide, líon úsáideoirí agus faisnéis eile. Anaithnideofar gach sonra den sórt agus ní chuimseofar aon sonraí a shainaithneodh duine ná aon sonraí anaithnidithe is féidir a úsáid le sonraí eile chun tú a shainaithint. D'fhéadfaimis ó am go chéile a leithéid de shonraí a roinnt le tríú páirtithe amhail infheisteoirí féideartha, cleamhnaithe, comhpháirtithe agus fógróirí. Ní roinnfear ná ní úsáidfear sonraí ach amháin laistigh de theorainneacha an dlí.
      8.3 I gcúinsí áirithe, d'fhéadfadh ceanglas dlí a bheith orainn sonraí áirithe atá inár seilbh a roinnt agus d'fhéadfadh sé go n-áireofaí leo do shonraí pearsanta, mar shampla, má bhíonn baint againn le himeachtaí dlí, nuair a bhímid ag comhlíonadh riachtanais dhleathacha, ordú cúirte nó údarás rialtais.
       
  9. Do Cheart Eolas a Choinneáil Siar

     Féadann tú réimsí áirithe dár suíomh a rochtain gan sonraí a thabhairt ar chor ar bith. Chun gach gné agus feidhm a úsáid atá ar fáil ar ár suíomh, áfach, d'fhéadfadh sé gur ghá duit sonraí áirithe a chur isteach nó iad a cheadú..

  10.  Conas is féidir do shonraí a rochtain?

     

    Tá de cheart agat cóip a iarraidh d'aon sonraí pearsanta de do chuid atá inár seilbh (nuair a bhíonn a leithéid de shonraí againn). Faoin GDPR, níl aon táille le híoc agus tabharfaimid gach eolas mar fhreagra ar do cheist saor in aisce. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag hello@eircode.ie nó trí úsáid na sonraí teagmhála i mír 11 thíos.

  11.  Teagmháil a dhéanamh linn

    Má tá ceist ar bith agat faoinár suíomh nó faoin bPolasaí Príobháideachta seo, cuir r-phost chugainn ag hello@eircode.ie, ar an teileafón ar +353 1 901 2232, nó tríd an bpost: 
    Aonad “B” Páirc Ghnó agus Theicneolaíochta Iarthar Chorcaí
     Cloich na Coillte
     Co Chorcaí
     P85 YH98
     Éire.
    Cinntigh go bhfuil do cheist soiléir, go háirithe más iarratas ar eolas é faoi na sonraí atá againn fút.

  12.  Athruithe ar Ár bPolasaí Príobháideachta

    D'fhéadfaimis an Polasaí Príobháideachta seo a athrú ó am go chéile (mar shampla, má athraítear an dlí). Cuirfear aon athrú ar ár suíomh láithreach agus tuigfear as go nglacfaidh tú le téarmaí an Pholasaí Príobháideachta an chéad uair eile a úsáidfidh tú ar suíomh i ndiaidh na n-athruithe. Molaimid go seiceálann tú an leathanach seo go rialta chun fanacht cothrom le dáta.

Cookie Policy

TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA

CÚLRA:

Úsáideann suíomhanna gréasáin www.eircode.ie agus https://finder.eircode.ie fianáin agus teicneolaíochtaí eile den sórt chun tú a idirdhealú ó úsáideoirí eile. Trí úsáid fianán, féadaimid eispéireas níos fearr a thabhairt duit agus Ár Suíomh a fheabhsú trí thuiscint níos fearr ar an tslí chun é a úsáid. Léigh an Polasaí Fianán seo go cúramach agus cinntigh go dtuigeann tú é. Tuigtear go nglacann tú lenár bPolasaí Fianán má leanann tú d'úsáid Ár Suímh NÓ nuair a bhrúnn tú cnaipe ‘OK I Understand’ ár ár mír aníos Fianán. Mura n-aontaíonn tú lenár bPolasaí Fianán, iarraimid ort stopadh d'úsáid Ár Suímh láithreach.

  1.  Sainmhínithe agus Léirthuiscint

    1.1  Sa Pholasaí Fianán seo, mura gá a mhalairt sa chomhthéacs, tá na bríonna seo a leanas leis na frásaí seo a leanas:

    Fianán

    comhad beag a chuireann Ár Suíomh ar do ríomhaire nó ar do ghléas nuair a thagann tú chuig codanna áirithe d'Ár Suíomh agus/nó nuair a úsáideann tú gnéithe áirithe d'Ár Suíomh;

    "Dlí na bhFianán"

    na codanna bainteacha de Rialúcháin 2003 Cumarsáid Phríobháideachta agus Leictreonach (Treoir AE) agus de Rialúchán 2016/679 Rialúchán Ginearálta Cosaint Sonraí (“GDPR”);

    sonraí pearsanta

    na sonraí uile a bhaineann le duine so-aitheanta ar féidir é/í a shainaithint go díreach nó go hindíreach ó na sonraí sin, mar a shainmhínítear i Rialúchán 2016/679 Rialúchán Ginearálta Cosaint Sonraí (“GDPR”); agus

    Muid/Ár

    Capita Business Support Services Éire Teoranta, comhlacht teoranta arna chlárú in Éirinn faoi uimhir comhlachta 39516, arb é a sheoladh cláraithe, Aonad “B” Páirc Ghnó agus Theicneolaíochta, Cloich na Coillte, Co Chorcaí, P85 YH98, Éire, agus arb é a phríomhsheoladh trádála:- Aonad B, Páirc Ghnó agus Theicneolaíochta, Cloich na Coillte, Co. Chorcaí, P85 YH98.

  2.  Eolas Fúinn

    2.1 Is le Capita business support services Éire Teo Ár Suíomh, comhlacht teoranta arna chlárú in Éirinn faoi uimhir comhlachta 39516, arb é a sheoladh cláraithe, Aonad “B” Páirc Ghnó agus Theicneolaíochta, Cloich na Coillte, Co Chorcaí, P85 YH98, Éire, agus arb é seo thíos a phríomhsheoladh trádála:- Aonad “B” Páirc Ghnó agus Theicneolaíochta, Cloich na Coillte, Co Chorcaí, P85 YH98, Éire. IE6415165A ár n-uimhir CBL

    2.2 Jo Austin ár nOifigeach Cosanta Sonraí agus is féidr teagmháil a dhéanamh léi de r-phost ag hello@eircode.ie ar an teileafón ar +353 (0)818 303 085.

    2.3 Táimid faoi rialú Choimisinéir Cosaint Sonraí na hÉireann.

  3.  Conas a Úsáideann Ár Suíomh Sonraí?

    1. 3.1 D'fhéadfadh Ár Suíomh Fianáin áirithe céad pháirtí a chur agus a rochtain ar do ríomhaire nó ar do ghléas. Is muid féin a chuireann Fianáin céad pháirtí ar do ríomhaire agus muidne amháin a úsáideann iad. Úsáidimid Fianáin chun d'eispéireas d'Ár Suíomh a éascú agus a fheabhsú agus chun a seirbhísí a sholáthar agus a fheabhsú. Tá na Fianáin seo roghnaithe go cúramach againn agus tá bearta déanta againn lena chinntiú go gcosnaítear agus go bhfuil meas ar do phríobháideacht agus do shonraí pearsanta i rith ama.
    2. 3.2  Úsáidtear gach Fianán ar Ár Suíomh de réir dlí reatha Fianán. D'fhéadfaimis cuid de na cineálacha Fianán seo a leanas, nó iad uile, a úsáid: 
      1. 3.2.1 Fianáin atá Riachtanach Dáiríre
        Is sa chatagóir seo atá Fianán, má tá sé riachtanach chun Ár Suíomh a fheidhmiú, má thacaíonn sé le feidhmeanna ar nós logáil isteach, le do chiseán agus le hidirbhearta íocaíochta.
      2. 3.2.2 Fianáin Anailísíochta
        Is tábhachtach dúinn a thuiscint conas a úsáideann tú Ár Suíomh, mar shampla, cé chomh héifeachtach tá an nascleanúint thart air agus cé na gnéithe a úsáideann tú. Cuireann Fianáin Anailísíochta ar ár gcumas an t-eolas seo a bhailiú agus cabhraíonn sé linn Ár Suíomh agus d'eispéireas air a fheabhsú.
      3. 3.2.3  Fianáin Feidhmiúlachta
        Cuireann Fianáin Feidhmiúlachta ar ár gcumas feidhmeanna breise a chur ar fáil duit ar Ár Suíomh, amhail pearsantú agus cuimhneamh ar do roghanna sábháilte. D'fhéadfadh sé gur Fianáin atá Riachtanach Dáiríre fosta cuid de na Fianáin Feidhmiúlachta, ach ní gá go mbeidís uile sa chatagóir sin. 
      4. 3.2.4  Fianáin Spriocaimsithe
        Is tábhachtach fios a bheith againn cén uair agus cé chomh minic a thagann tú chuig Ár Suíomh, agus cé na codanna de a d'úsáid tú (lena n-áirítear na leathanaigh ar a raibh tú agus na naisc a d'úsáid tú). Dála Fianáin anailísíochta, cuidíonn an t-eolas seo linn tuiscint níos fearr a bheith againn ort agus, dá réir, Ár Suíomh agus fógraíocht a bheith níos spéisiúla agat.
      5. 3.2.5  Fianáin Sheasmhacha.           
        D'fhéadfadh sé gur Fianán seasmhach Fianán ar bith acu siúd thuas. Fanann Fianáin sheasmhacha ar do ríomhaire nó ar do ghléas ar feadh tréimhse réamhshocraithe agus cuirtear i bhfeidhm iad gach uair a bhíonn tú ar Ár Suíomh. 
      6. 3.2.6 Fianáin Seisiúin 
      7. D'fhéadfadh sé gur Fianán seisiúin Fianán ar bith acu siúd thuas. Tá Fianáin seisiúin sealadach agus ní fhanann siad ar do ríomhaire ná ar do ghléas ach ón bpointe a thagann tú chuig Ár Suíomh go dtí go ndruideann tú do bhrabhsálaí. Scriostar Fianáin seisiúin nuair a dhruideann tú do bhrabhsálaí.
    3. 3.3  Níl Fianáin ar Ár Suíomh buan agus rachaidh siad in éag i ndiaidh 30 lá nó mar ata léirithe sa tábla thíos.
    4. 3.4 Tá tuilleadh mioneolais ar na sonraí pearsanta a bhailímid agus a úsáidimid, na bearta atá againn le sonraí pearsanta a chosaint, do chearta dleathacha agus ár n-oibleagáidí dleathacha inár bPolasaí Príobháideachta  https://www.eircode.ie/privacy
    5. 3.5  Tá eolas níos sainiúla faoi na Fianáin a úsáidimid sa tábla thíos.
  4.  Cé na Fianáin a úsáideann Ár Suíomh?

    1. 4.1  D'fhéadfaí na Fianáin céad pháirtí seo a chur ar do ríomhaire nó ar do ghléas:

      Ainim Fianáin


      Feidhm & Cineál

      Riachtanach Dáiríre

      Fianáin Seisiúin

      Fianán a scriostar nuair a dhruideann an t-úsáideoir an Brabhsálaí Gréasáin

      Níl

    2. 4.2 Úsáideann Ár Suíomh seirbhísí anailísíochta a chuireann Google Analytics ar fáil. Tagraíonn anailísíocht Suíomh Gréasáin d'fhoireann uirlisí a úsáidtear chun eolas anaithnid úsáide a bhailiú agus a anailísiú, a chuireann ar ár gcumas tuiscint níos fearr a bheith againn ar conas a úsáidtear Ár Suíomh. Cuireann sé seo ar ár gcumas, dá réir, Ár Suíomh agus na seirbhísí a thairgtear air a fheabhsú. Ní chaithfidh tú cead a thabhairt dúinn na Fianáin seo a úsáid. Cé nach bhfuil aon bhaol do do phríobháideacht ná d'úsáid shábháilte Ár Suímh ag baint leo, cuireann siad ar ár gcumas Ár Suíomh a fheabhsú go leanúnach agus eispéireas níos fearr agus níos úsáidí a thabhairt duit.
      4.3 Úsáideann an tseirbhís/na seirbhísí anailísíochta a úsáideann Ár Suíomh Fianáin anailísíochta chun an t-eolas a bhíonn de dhíth a bhailiú.
      4.4 Úsáideann an tseirbhís/na seirbhísí anailísíochta a úsáideann Ár Suíomh na Fianáin anailísíochta seo a leanas:
       

      Ainim Fianáin

      Feidhm & Cineál

      Soláthraí

      Riachtanach Dáiríre

      Google Analytics

      Eispéireas Suíomh Gréasáin optamú agus rianú úsáide

      Google

      Níl

  5.  Cead agus Rialú

    1. 5.1 Roimh Fhianáin a chur ar do ríomhaire nó ar do ghléas, taispeánfar 'cnaipe mír aníos' ag iarraidh cead uait na Fianáin seo a shuiteáil. Nuair a thugann tú do chead Fianáin a shuiteáil, cuireann tú ar ár gcumas an t-eispéireas agus an tseirbhís is fearr agus is féidir a thabhairt duit. Féadann tú, más mian leat, diúltú cead a thabhairt Fianáin a shuiteáil ach amháin go bhfuil na Fianáin sin riachtanach dáiríre ach d'fhéadfadh sé nach bhfeidhmeodh gnéithe áirithe dár suíomh go hiomlán ná mar a bhíonn beartaithe.
      5.2  Le cois na rialuithe a chuirimid ar fáil, féadann tú a roghnú Fianáin a chumasú nó a dhíchumasú ar do bhrabhsálaí gréasáin. Cuireann bunús gach brabhsálaí gréasáin ar do chumas fosta a roghnú gach Fianán nó Fianáin tríú páirtithe amháin a dhíchumasú. Bíonn bunús gach brabhsálaí gréasáin réamhshocraithe le fianáin a ghlacadh ach is féidir é sin a athrú. Tá tuilleadh mionsonraí ar an roghchlár cabhrach i do bhrabhsálaí gréasáin nó sa cháipéisíocht a ghabhann le do ghléas.
      5.3 Tá treoracha sna naisc thíos ar conas Fianáin a rialú sna brabhsálaithe príomhshrutha uile: 
       
      1. 5.3.1 Google Chrome: https://support.google.com/chrome/answer/95647?hl=en-GB
        5.3.2 Microsoft Internet Explorer: https://support.microsoft.com/en-us/kb/278835
        5.3.3 Microsoft Edge: https://support.microsoft.com/en-gb/products/microsoft-edge (Tabhair do d'aire nach bhfuil aon treoracha ar leith ann faoi láthair ach beidh Microsoft Support in ann cabhrú)
        5.3.4 Safari (macOS): https://support.apple.com/kb/PH21411?viewlocale=en_GB&locale=en_GB
        5.3.5 Safari (iOS): https://support.apple.com/en-gb/HT201265
        5.3.6 Mozilla Firefox: https://support.mozilla.org/en-US/kb/enable-and-disable-Cookies-website-preferences
        5.3.7 Android: https://support.google.com/chrome/answer/95647?co=GENIE.Platform%3DAndroid&hl=en (Féach cáipéisíocht a ghabhann le do ghléas i gcomhair brabhsálaithe an déantúsóra féin).
         
  6.  Athruithe ar an bPolasaí Fianán seo

    1. 6.1 D'fheadfaimis an Polasaí Fianán seo a athrú am ar bith. Rachaidh athruithe den chineál seo i bhfeidhm an chéad uair eile a úsáideann tú Ár Suíomh i ndiaidh na hathruithe a bheith déanta. Moltar duit, mar sin, an leathanach seo a sheiceáil ó am go chéile.
      6.2 I gcás go mbeidh neamhréir idir an leagan reatha den Pholasaí Fianán seo agus aon leagan(acha) a tháinig roimhe, is iad na forálacha reatha a bheidh i bhfeidhm ach amháin go gcuirfí a mhalairt in iúl.
       
       
    1. Más mian leat tuilleadh eolais ar conas a úsáidimid Fianáin, déan teagmháil linn: 
      •  de r-phost ag hello@eircode.ie
      •  ar an teileafón ar +353 1 901 2232 
      •  nó tríd an bpost ag: 

        Páirc Ghnó agus Theicneolaíochta Iarthar Chorcaí
        Cloich na Coillte
        Co Chorcaí
        P85 YH98
        Éire