Residential

Buntáistí

Eircode Uathúil ag Gach Seoladh

Is córas cód poist iontaofa agus nua-aimseartha é Eircode lena dtugtar cód poist uathúil do gach seoladh poist cónaithe nó gnó. Murab ionann agus córais eile cód poist, sainaithníonn sé seoladh poist áitribh ar leith, ní shainaithníonn sé braisle seoltaí laistigh de limistéar. De bhrí go roinneann 35% de sheoltaí in Éirinn a seoladh le háitreabh amháin eile ar a laghad, bíonn sé deacair suíomh seolta ar leith a aimsiú uaireanta. De bharr gur chód uathúil do sheoladh poist ar leith é Eircode, cuidíonn sé le gach duine suíomhanna a aimsiú níos éasca.

Unique to Every Address

D’áit chónaithe a shainaithint go cruinn

Má tá frustrachas ort faoi sheachadadh nach sroicheann do theach nó faoi eolas na slí a thabhairt do thiománaithe tacsaithe agus do ghaolta ag teacht ar cuairt, cabhróidh an Eircode s’agat féin chun idir bheartáin agus dhaoine a sheoladh a fhad le do dhoras tosaigh.

Accurately identify where you live

Nuair a bheidh Eircode agat;

  • beidh comhlachtaí seachtadta agus seirbhíse in ann seoltaí a aithint go beacht agus mar gheall air sin seachadfar d’earraí go dtí an áit cheart;
  • beidh sé níos fusa agus níos gasta do sheirbhísí leighis éigeandála seoltaí áitiúla a aimsiú;
  • beidh sé níos fusa siopadóireacht ar líne a dhéanamh;
  • beidh sé ina chuidiú le gnó ar líne a fhorbairt in Éirinn; agus
  • cuideoidh sé le seirbhísí poiblí a phleanáil agus a sheachadadh ar bhealach níos fearr.
Having an Eircode will mean

Is iomaí buntáiste a bhaineann le Eircode a úsáid

Is iomaí buntáiste atá i gceist don phobal i gcoitinne, do ghnólachtaí agus do sheirbhísí poiblí anois agus Eircode uathúil ag baint le gach seoladh.

An Pobal i gCoitinne
  • Bíonn siopadóireacht ar líne níos tapúla agus níos éasca dá bharr, mar gheall gur féidir seoltaí a uathlíonadh isteach agus a fhíorú.
  • Cuireann sé ar chumas gnólachtaí seoltaí a shainaithint go cruinn ionas go sroichfidh do sheachadtaí an áit cheart.
  • Cuireann sé ar chumas soláthraithe fóntais do shuíomh beacht a shainaithint, rud a thugann deis dóibh na seirbhísí is fearr atá ar fáil i do cheantar a sholáthar duit.
  • Féadfaidh sé cuidiú le seirbhísí éigeandála seoltaí a aimsiú ar bhealach níos tapúla agus níos éasca.
  • Cuidíonn sé leat duine a threorú chuig do theach – mar shampla ceardaithe, tacsaithe nó cuairteoirí.
  • Cuidíonn sé leat suíomh cruinn a fháil le haghaidh seolta, rud a fhágann go mbeidh roghanna pleanála agus taistil níos fearr agat.
Gnólachtaí
  • Feabhsaíonn sé pleanáil lóistíochta agus dáileacháin trí bhíthin pointí seachadta agus bailithe a bhaineann go sonrach le suíomh geografach, rud a éascaíonn pleanáil bealaigh níos fearr agus amanna taistil níos soiléire.
  • Soláthraíonn sé pointí cruinne seachadta agus bailithe maidir le 35% de na seoltaí in Éirinn nach seoltaí uathúla iad.
  • Bíonn ordú ar líne níos éasca agus níos tapúla do chustaiméirí toisc gur féidir seoltaí a uathlíonadh isteach ach úsáid a bhaint as an Eircode.
  • Soláthraíonn sé seirbhís níos fearr do chustaiméirí trí sheirbhísí a chur in oiriúint don chustaiméir bunaithe ar a shuíomh.
  • Soláthraíonn sé gabháil seoltaí agus fíorú seoltaí atá cruinn, comhsheasmhach agus níos tapúla.
  • Déanann sé a chion féin le feabhas a chur ar luas agus ar chruinneas na seirbhísí seachadta le haghaidh táirgí nó seirbhísí a ordaítear.
Seirbhísí Poiblí
  • Féadfaidh sé pleanáil seirbhísí poiblí a fheabhsú, amhail oideachas, tithíocht, seirbhísí sláinte, seirbhís shóisialta, bainistiú dramhaíola, srl.
  • Soláthraíonn sé seoltaí cruinne agus suíomhanna geografacha cruinne do thithe agus do ghnólachtaí, lena n-áirítear an 35% de na seoltaí in Éirinn nach seoltaí uathúla iad.
  • Féadfaidh sé feabhas a chur ar sheachadadh seirbhísí poiblí do shaoránaigh agus do ghnólachtaí.
  • Soláthraíonn sé gabháil seoltaí cruinn, chomh maith le fíorú seoltaí.
  • Déanann sé an próiseas déanta iarratais ar líne níos éasca agus níos tapúla do shaoránaigh mar gheall gur féidir seoladh a uathlíonadh isteach.

Más iondaí do ghnólacht nó eagraíocht thú ar spéis leat úsáid a bhaint as Bunachar Sonraí Eircode, faoi cheadúnas, tá tuilleadh eolais le fáil ar ár leathanach Eircode do Ghnólachtaí.