Getting-an-eircode

Cad a fhaigheann Eircode?

Eircode Uathúil ag Gach Seoladh Poist

Sanntar Eircode do sheoladh poist agus dá shuíomh geografach. Tá comhordanáidí geografacha nasctha le gach Eircode lena dtugtar léargas ar shuíomh an tseolta sin ar an léarscáil. Úsáideann duine nó gnólacht a áitíonn seoladh an Eircode don seoladh sin.

Bíonn an Eircode nasctha leis an seoladh agus ní bhogann sé suíomh leis an áititheoir. Má bhogann tú chuig baile nó chuig áitreabh gnó nua, ba cheart duit an Eircode a bhaineann le seoladh an láithreáin nua a úsáid.

Is féidir gach Eircode a aimsiú ar an Aimsitheoir Eircode -  suíomh gréasáin poiblí a chuireann ar do chumas Eircode a chuardach de réir seoladh nó ar an léarscáil.

Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar Eircode a Úsáid.

Cad a fhaigheann Eircode?

Nuair a seoladh Eircode in 2015, sannadh Eircode do níos mó ná 2.2m seoladh poist. D’úsáid Eircode bunachar sonraí seoltaí poist arna sholáthar ag An Post GeoDirectory DAC (fochuideachta de An Post) chun na héirchóid sin a shannadh. Déanann GeoDirectory An Post cothabháil ar na sonraí maidir le seoltaí; déanann leasú ar sheoltaí agus ar shuíomhanna geografacha agus cuireann cinn nua leis an mbunachar sonraí.

Cuireann An Post GeoDirectory bunachar sonraí nuashonraithe ar fáil do Eircode gach mí. Sanntar éirchóid ansin d’aon seoltaí poist nua a cuireadh leis an mbunachar sonraí. 

Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar Eircode a Fháil.

Ionas gur féidir Eircode a shannadh, caithfidh an seoladh poist a bheith i mbunachar sonraí GeoDirectory agus caithfidh an fhaisnéis a leanas a bheith ann: 2 líne ar a laghad den seoladh poist, príomhbhaile poist agus comhordanáidí geografacha. 

Seo a leanas roinnt samplaí de sheoltaí poist a sanntar Eircode dóibh;

Seoltaí cónaithe:

  • Gach teach ar shráid
  • Gach árasán i mbloc árasán
  • Gach teach i mbaile fearainn tuaithe
  • Gach aonad in aonad dhá urlár

Seoltaí gnó:

  • Foirgneamh oifige
  • Monarcha nó stóras
  • Siopa, óstán, beár nó aon áitreabh gnó
  • Ionad sláinte, ospidéal nó aon fhoirgneamh poiblí
  • Gach aonad in ionad siopadóireachta
  • Gach aonad i bpáirc ghnó nó in eastát tionscail

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi nuashonruithe Eircode agus cathain a shannfar Eircode, tabhair cuairt ar Conas Eircode a Fháil.