Business

Gnólachtaí

Business

Gnólachtaí

Nuair a thabharfar Eircode isteach in 2015, beidh Éire an chéad tír ar domhan a mbeidh bunachar sonraí poiblí aici d’aitheantóirí uathúla do gach foirgneamh agus cabhróidh sé seo le saoránaigh, gnólachtaí agus le forais phoiblí gach uile sheoladh sa Stát a aimsiú.


Bunachar Sonraí Seoltaí Eircode

Sa Bhunachar Seoltaí Eircode, tá na 2.2 milliún seoladh gnó agus cónaitheach uile na hÉireann. Is uirlis chumhachtach é Eircode a sholáthróidh deiseanna nua iontacha do do ghnólacht. Féach ar an suíomh gréasáin gnó iomlán chun a fháil amach conas is féidir le do ghnólacht réitigh seoltaí a thairiscint do do chustaiméirí má bhíonn tú i do Sholáthraí Eircode nó chun tuilleadh a fhoghlaim faoi na Táirgí agus na Seirbhísí atá ar fáil.


Ullmhaigh do ghnólacht i gcomhair Eircode

Gheobhaidh gnólachtaí chomh maith le gach duine eile in Éirinn Eircode in Iúil 2015 ach is féidir le gnólachtaí ullmhú a dhéanamh anois le bheith réidh chun Eircode a úsáid