Accessibility Statement

Dleathach

Téarmaí Úsáide

1. Réamhrá

Fáilte go dtí an suíomh seo atá faoi úinéireacht agus arna fheidhmiú, a cheadúnú agus a bhainistiú ag CAPITA BUSINESS SUPPORT SERVICES IRELAND LIMITED (“Capita” nó “muid”).

Baineann na Téarmaí Úsáide seo (“Téarma[í]”) le húsáid an tsuímh seo. Cuirimid roinnt suíomhanna, áfach, ar fáil duit agus d’fhéadfadh cuid de na suíomhanna seo a bheith rialaithe ag téarmaí úsáide difriúla. Ba chór duit, mar sin de, a sheiceáil i gcónaí cé acu téarmaí úsáide a bhaineann le gach suíomh sula n-úsáideann tú iad. Is iondúil go gcaithfidh tú glacadh le Comhaontuithe Ceadúnas Úsáideoir deiridh breise ina dhiaidh sin, nuair is gá, agus mar atá sainithe i mír 9 d’Úsáid Ghinearálta Capita thíos.

Tríd an suíomh seo a úsáid, beag beann ar cé acu a roghnóidh nó nach roghnóidh tú clárú linn, tá tú ag aontú leis na Téarmaí seo. Mura mian leat a bheith ceangailte de na Téarmaí seo, níor chóir duit an suíomh seo a úsáid.

2. Athruithe

D’fhéadfaimis na hathruithe seo a dhéanamh am ar bith. Cuirfimid na hathruithe seo in iúl duit trína bpostáil ar líne, ach is é do fhreagracht féin í mar úsáideoir a chinntiú go bhfuil a fhios agat fúthu, trí sheiceáil le haghaidh athruithe ar bhonn rialta. Tiocfaidh athruithe i bhfeidhm a luaithe is a phostáiltear iad. Má leanann tú d’úsáid an tsuímh seo i ndiaidh phostáil na n-athruithe ar na Téarmaí seo, ciallaíonn sé sin go nglacann tú le haon athrú den sórt.

3. Gnéithe

Is eolas amháin a chuirimid ar fáil duit ar chuid dár suíomhanna; ach cuireann cuid mhór acu ar do chumas acmhainní a chur leis agus a roinnt (amhail cás-staidéir) agus smaointe a roinnt agus comhoibriú le húsáideoirí eile trí Vicithe, Fóraim, uirlisí suirbhé ar líne agus uirlisí nua, iontacha bainistíocht foghlama.

Bímid i gcónaí ag lorg dóigheanna leis an suíomh a fheabhsú agus, mar sin de, d’fhéadfaimis an t-ábhar nó na gnéithe a chuirtear ar fáil ar an suíomh seo a nuashonrú agus a athrú am ar bith.

4. Rochtain

Is féidir bunús limistéir an tsúimh seo a rochtain gan chlárú. Mar sin féin, má chuimsítear gnéithe idirghníomhacha ar an suíomh seo, beidh ort clárú le hiad a úsáid m.sh. le ceist a chur faoi na táirgí a cheannach, postáil ar fhóram nó cur le fóram ar dhóigh éigin.

Maidir le limistéir an tsuímh mar a mbíonn pasfhocal de dhíth, baineann siad le húsáideoir aonair amháin. Caithfidh ar a laghad ocht gcarachtar a bheith i bpasfhocal, carachtar speisialta, uimhir agus ceannlitir san áireamh. Ná roinn d’ainm úsáideora agus do phasfhocal le duine ar bith eile nó is tú féin a bheas faoi dhliteanas pearsanta as gach gníomh a dhéantar faoi do phasfhocal, tarlódh siad i bhfios nó i nganfhios duit.

5. Polasaí príobháideachta

Déanaimid cúram do phríobháideacht custaiméirí agus úsáideoirí ár suíomh gréasáin a chosaint. Tá míniúchán leagtha amach thíos den dóigh a bpróiseálaimid eolas faoi chuairteoirí ar ár suíomh.

Bailiú eolas pearsanta.
Baintear úsáid as an eolas a bhailímid agus a stórálaimid le linn ghnáthúsáid an tsuímh seo leis an dóigh a n-úsáidtear codanna den suíomh a mhonatóiriú agus a anailísiú. Ní bhailítear ná ní stóráiltear sonraí ar bith atá in-sainaitheanta ar bhonn pearsanta mar gheall ar a leithéid d’úsáid.

Tá de rogha agat ar leathanaigh áirithe ar an suíomh seo eolas pearsanta a chur chugainn ionas go dtig linne eolas breise nó foláirimh r-phoist a chur chugatsa. Tá míniúcháin ar na leathanaigh seo faoin dóigh a mbíonn an t-eolas seo le húsáid.

Ní nochtfaimid gan do chead aon eolas pearsanta a bhailímid fút, nuair a thugann tú cuairt, le tríú páirtí lasmuigh de Eircode. Maidir le haon iarratas nó fiosrú a dhéanann tú, cuirfear do chuid eolais go díreach chuig an aonad gnó cuí laistigh den ghrúpa.

Trí do chuid eolais phearsanta a chur isteach tríd an suíomh gréasáin seo, toileoidh tú go bpróiseálfar é mar atá cur síos air thuas.

6. Naisc

Má bhaineann tú feidhm as suíomh nasctha, úsáidfear aon eolas pearsanta a thugann tú dóibh de réir an pholasaí príobháideachta s’acusan, seachas an polasaí s’againne. Mar sin de, cinntigh go léifidh tú a bpolasaí príobháideachta go hiomlán sula gcuirfidh tú aon eolas pearsanta ar fáil.

If you use a linked site, any personal information you give them will be used in line with their privacy policy, not ours, so please ensure that you read their privacy policy fully before you provide any personal information.

7. Maidir leis an ábhar a chuirimid ar fáil ar an suíomh seo

Ar an suíomh seo tá ábhar a chuir muid féin agus daoine eile ar fáil. Tá an t-ábhar s’againn faoi réir chosaint cóipchirt Capita PLC, Eircode agus Rialtas na hÉireann.

Má fheiceann tú ábhar ar bith ar an suíomh seo a sainaithnítear gur le tríú páirtí é, taobh amuigh d’ábhar a chruthaigh úsáideoirí eile, caithfidh tú cead a fháil uathu é a athúsáid ar dhóigh eile seachas é a bhreathnú ar scáileán nó leathanach a íoslódáil faoi choinne d’úsáid phearsanta, phríobháideach, neamhthráchtála féin.

D’fhéadfadh ábhar a bheith ar an suíomh seo fosta a chruthaigh úsáideoirí eile trínár ngnéithe idirghníomhacha amhail ár dtimpeallachtaí foghlama ar líne nó Ailt Nuachtáin.

Cóipcheart

Is linne, Capita, le Rialtas na hÉireann agus/nó comhlachtaí cleamhnaithe gach cóipcheart agus maoin intleachtúil eile i dtéacs, íomhánna, fuaimeanna, bogearraí agus san ábhar ar fad eile nó cuimsítear iad le cead an úinéar bhaintigh. Áirítear gach ball de Capita le tagairtí do chomhlachtaí cleamhnaithe.

Tá cead agat an suíomh seo a bhrabhsáil agus sleachta a atáirgeadh trí phriontáil, íoslódáil ar dhiosca crua agus trí dháileadh ar dhaoine eile ach, i ngach cás, is ar chúiseanna neamhthráchtála, eolais agus pearsanta amháin a cheadaítear é. Ní ceadmhach aon atáirgeadh de chuid ar bith den suíomh seo a dhíol nó a dháileadh le do leas tráchtála ná ní ceadmhach é a mhionathrú ná a chuimsiú in aon saothar, foilseachán nó suíomh eile. Ní thugtar ceadúnas ná ceart ar bith eile.

8. Maidir le hábhar a chuireann tú féin agus úsáideoirí eile ar fáil ar an suíomh seo

Má tá gnéithe idirghníomhacha ar bith ar an suíomh seo, tá an méid seo a leanas i bhfeidhm:

Rialacha an chomhoibrithe

Is iondúil go dtugtar “ábhar arna ghiniúint ag úsáideoirí” nó “ÁGÚ” ar aon ábhar a chuireann tú féin agus úsáideoirí eile le gnéithe idirghníomhacha an tsuímh seo, timpeallachtaí foghlama ar líne agus suirbhéanna ar líne san áireamh.

Na daoine a bhfuil cead acu do ÁGÚ a úsáid agus an dóigh ar féidir é a úsáid

Nuair a chuireann tú ÁGÚ leis an suíomh seo:

  • tugann tú dúinn cead dochríochnaithe, saor in aisce do ÁGÚ ar fad nó cuid de a chur ar fáil tríd an suíomh agus cead do shuíomh ar bith eile nascadh le leathanaigh ar an suíomh seo ar a bhfuil do ÁGÚ ;
  • tugann tú cead do gach úsáideoir eile ar an suíomh seo úsáid neamhtheoranta, dhochríochnaithe, saor in aisce a bhaint as do ÁGÚ ar fad nó aon chuid de;
  • tugann tú dúinn cead neamhtheoranta dochríochnaithe, saor in aisce do ÁGÚ a úsáid, a athúsáid, a chóipeáil, a chuir in oiriúint, a choimriú, a leasú, a dháileadh, a mhionathrú, a aistriú, a fhoilsiú, a léiriú, a chur ar taispeáint, a fhorbairt, a atáirgeadh, a chur in iúl don phobal agus é a chur ar fáil ar dhóigh eile i bhfoirm ar bith agus/nó trí mheáin ar ar bith (atá ar eolas anois nó a cheapfar amach anseo), lena n-áirítear trí sheirbhís ar líne nó craoltóireachta, bíodh sí ar bhonn tráchtála nó neamhthráchtála áit ar bith ar domhan.

Rialacha ginearálta maidir le hábhar agus páirtíocht trínár ngnéithe idirghníomhacha

Cuirimid d’iallach ort gur ar bhonn dleathach a bhainfidh tú úsáid as ár suíomh agus as aon ghné idirghníomhach eile. Dá bharr sin, níl cead agat ar suíomh a úsáid ná aon ghné idirghníomhach dár gcuid ar chúiseanna mídhleathacha agus níl cead agat, go sainiúil:

  • ábhar a phostáil nó cumarsáid a thionscnamh ata mídhleathach, clúmhillteach, maslach, bagrach, ciapach, gáirsiúil, leatromach ná ar cur isteach nó cúis náire é do dhuine ar bith eile faoi mar a shocraímidne agus faoinár ndiscréid féin amháin
  • ábhar a chur ar fáil ná cumarsáid a thionscnamh trí uaslódáil, postáil, r-phost, tarchur nó eile a sháraíonn cearta maoin intleachtúil ná cearta ar bith eile ag daoine eile
  • eolas a bhailiú ná a úsáid faoi dhaoine eile gan cead follasach uathu
  • fógraíocht, ábhair phoiblíochta, “dramhphost”, “turscar”, “litreacha slabhracha”, “scéimeanna pirimide” gan iarraidh ná neamhúdaraithe ná sirtheoireacht de shórt ar bith eile a uaslódáil, a phostáil, a chur de r-phost, ná a tharchur nó eile
  • aon ábhar a uaslódáil, a phostáil, a chur de r-phost, ná a tharchur ná eile, ina bhfuil víorais bogearraí ná aon chód, comhad ná clár ríomhaireachta eile a ceapadh le cur isteach ar fheidhmiúlacht aon bhogearra nó crua-earra ríomhaireachta ná trealamh teileachumarsaide ná iad a scriosadh ná a theorannú
  • cur as do ná cur isteach ar an suíomh ná friothálaithe ná líonraí atá ceangailte den suíomh ná dul in éadan aon riachtanas, gnáthamh ná rialúchán líonraí atá ceangailte den suíomh
  • i ndiaidh rabhadh a fháil, leanúint de chur isteach ar ghnáthshreabh na dialóige nó tráchtanna a phostáil nach bhfuil baint acu leis an topaic atáthar a phlé
  • duine eile a phearsanú
  • Dul i gceann aon iompar eile a chuireann srian ná cosc ar dhuine eile ár suíomh a úsáid nó sult a bhaint as ná, dar linn féin, a chuireann muid i bpriacal dliteanais ná díobhálá de chineál ar bith.

Monatóireacht

D’fhéadfaimis úsáid an tsuímh a mhonatóiriú, ach bímid ag brath ort:

  • míreanna ar bith a sháraíonn, dar leat, (agus de mheon réasúnta) na Téarmaí seo nó a sháraíonn aon dlí infheidhme taobh amuigh den suíomh a bhogadh. Féach [tagairt do leathanach an tsuímh ar a mínítear an dóigh le mír den sórt a chealú] le haghaidh tuilleadh mionsonraí; nó
  • a chur in iúl dúínn go díreach má aimsíonn tú aon drochíde, iompraíocht mhíchuí nó má chreideann tú gur sáraíodh do chearta, trí r-phost a chur chuig seoladh an éascaitheora dhomhanda (facilitator@capita.co.uk) nó trí theagmháil a dhéanamh le Seirbhísí Custaiméirí.

Athbhreithneoimid na míreanna a bhíonn i gceist agus is fúinn féin amháin a bheas sé a shocrú cé acu ba chóir nó nár chóir iad a bhaint ar fad nó bearta eile a dhéanamh a gcreidimid iad a bheith iomchuí.

Tá de cheart againn (ach níl oibleagáid orainn) aon bheart nó gach beart acu seo a leanas a dhéanamh:

  • an t-ábhar a phostáiltear nó an chumarsáid a thagann trínár ngnéithe idirghníomhacha a thaifeadadh
  • éileamh a fhiosrú nach bhfuil mír chumarsáide nó ábhar amhain nó níos mó ag cur leis na Téarmaí agus is fúinn féin amháin a bheas sé a shocrú cé acu ba chóir nó nár chóir iad a bhaint ar fad nó a iarraidh go mbainfear cumarsáid nó ábhar den sórt
  • a bhaint gan réamhfhógra aon ábhar nó mír chumarsáide atá maslach, mídhleathach nó ciapach nó nach gcomhlíonann na Téarmaí seo ar dhóigh eile
  • deireadh a chur le rochtain an tsuímh ag úsáideoir ar leith
  • aon ábhar a phostáiltear ar ár suíomh nó aon mhír chumarsáide a thagann trínár ngnéithe idirghníomhacha a mhonatóiriú, a chur in eagar nó a nochtadh, faoinár ndiscréid féin
  • aon ábhar nó mír chumarsáide a phostáiltear ar ár suíomh, is cuma cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann siad na Téarmaí seo, a chur in eagar nó a bhaint.

9. Úsáid ghinearálta

Is gá gan an méid seo a bheith amhlaidh faoi do chuid eolais agus gníomhaíochta ar an suíomh seo:

  • bheith bréagach, míchruinn nó míthreorach;
  • dlíthe, rialúcháin, ceadúnais nó cearta tríú páirtí a shárú;
  • Cur as ar dhóigh ar bith d’fheidhmiú cuí an tsuímh seo agus go háirithe, caithfear gan teacht timpeall ar, cur as do, haiceáil isteach in, ná cur isteach ar fheidhmiú an tsuímh seo ná aon chóras, sonraí ná eolas pearsanta, faoi mar atá sainmhínithe san Acht um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003, a idircheapadh faoi choim, a rochtain gan údarás ná a dhíshealbhú.

D’fhéadfaí an suíomh a fhionrú go sealadach agus gan réamhfhógra i gcásanna cliseadh córais, cothábhála nó cóiriúcháin nó ar chúiseanna nach bhfuil aon neart ag Capita orthu.

Aontaíonn tú Capita nó a chomhlachtaí cleamhnaithe a chúiteamh go hiomlán as gach caillteanas, costas, caingean, éileamh agus dliteanas a thabhaímid de thoradh aon sárú no neamart agat maidir leis na téarmaí seo nó aon sonra a chuir tú faoinár mbráid.

Déanaimid gach iarracht réasúnta víorais (agus gairis scriosacha chósúla) a eisiamh ón suíomh ach ní féidir eisiamh víorais (agus gairis scriosacha chósúla) a ráthú agus ba chóir duit na bearta cuí a dhéanamh i dtaca leis an riosca seo de.

Úsáid ghinearálta ag Capita

I gcomhar leis an suíomh gréasáin seo agus a riachtanais go sainiúil, d’fhéadfaimis Bunachair Sonraí agus an Cháipéisíocht a úsáid, mar a cheadúnaítear trí thríú páirtí, le postchóid a phróiseáil agus a fhorbairt. D’fhéadfaimis (ar chúiseanna measúnachta agus úsáid neamhthráchtála amháin agus faoi réir ceadúnóir tríú páirtí an t-ábhar agus líon cruinn a fhaomhadh) tacair sonraí shamplacha a chruthú ó eolas a fuarthas ó phostchóid d’Athdhíoltóirí Breisluacha (“VAR”) féideartha bona fide nó duitse, “An tÚsáideoir Deiridh”, sula n-iarrtar ar an VAR nó ar an Úsáideoir Deiridh comhaontú ceadúnais a shocrú, a fhad is go ndéantar an méid seo a leanas le tacair sonraí den sórt seo:
i. go gcriptítear iad le cóipeáil a chosc; agus
ii. go gcumraítear iad ionas nach féidir iad a úsáid ach ar feadh tréimhse sheasta ama, nach mó de ghnáth ná 30 lá (nó is féidir tréimhse níos faide a shocrú); agus
iii. go mbailítear iad ó VAR nó ó Úsáideoir Deiridh féideartha nó go scriostar iad i ndiaidh na tréimhse a dtagraítear di in ii thuas, a fhad is a fhaighimid deimhniú scríofa ar a leithéid de scriosadh ón VAR agus/nó Úsáideoir Deiridh.

Cuirfear ar fáil trínár dtacar samplach sonraí cur síos ar na heilimintí uilig i ngach taifead agus struchtúr sonraí Bhunachair Sonraí Sheoltaí Eircode. Is féidir é a íoslódáil saor in aisce ar acht nach ndéanfaidh tú:

  • Aon úsáid tráchtála a bhaint as cuid ar bith de na sonraí
  • Cuid ar bith díobh a athdhíol ná a léasú
  • Ligean dóibh a bheith inchopraithe isteach in aon bhunachar sonraí nó táirge eile
  • Iad a úsáid le cineál ar bith seirbhís bhiúró a chur ar fáil.

10. Clásal séanta

D’ainneoin gur de mheon macánta a chuirimid ár suíomh ar fáil, ní thig linn aon rathú a thabhairt ar chruinneas, iontaofacht, cáilíocht ná iomlaine na n-acmhainní ná an eolais eile atá ar fáil tríd an suíomh seo. Go háirithe, ní thacaímid ar dhóigh ar bith le, ná ní ghlacaimid freagracht ar bith as tuairimí, comhairle, ráitis ná eolas ar bith ná ábhar ar bith eile a chuireann úsáideoirí ar fáil agus iad ag uaslódáil ábhair ar an suíomh.

Tabhair do d’aire go bhféadfadh tagairtí a bheith ar an suíomh seo do tháirgí nó do sheirbhísí tríú páirtí, ach ní chiallaíonn cuimsiú tagairtí den sórt ar ár suíomh go bhfuilimid ag tacú, go follasach ná go hintuigthe, lena leithéid de tháirgí ná de sheirbhísí, ná ní léiríonn sé go ndearna muid na táirgí ná na seirbhísí a mheas ná a fhaomhadh.

Ní gheallaimid go mbeidh do rochtain ar an suíomh seo, ná ar an ábhar atá ar fáil, gan cur isteach, go pras ná gan earráid ná go mbeidh an suíomh saor ó víorais nó tréithe díobhálacha eile. Is faoi do phriacal féin ar fad atá ábhar ar bith a íoslódáiltear nó a fhaightear ar dhóigh eile agus tú féin amháin a bheas freagrach as aon dochar do do chóras ríomhaireachta nó as cailleadh sonraí de thoradh íoslódáil ábhair den chineál seo.

Aontaíonn tú, a mhéad atá ceadaithe de réir an dlí, nach mbeimid faoi dhliteanas as caillteanas nó gortú díreach, indíreach, teagmhasach nó de shórt ar bith eile mar gheall ar íoslódáil ná úsáid aon chuid den ábhar ar ár suíomh.

Ábhar

Is de mheon macánta a cuimsíodh an t-eolas ata ar an suíomh seo ach is ar mhaithe le heolas amháin atá sé. Níor chóir a bheith ag brath air i dtaca le cúis shainiúil ar bith de agus ní thugtar aon uiríoll ná baránta maidir lena chruinneas, iomláine ná oiriúnacht d’fheidhm ar leith nó aon suíomh atá nasctha leis. Taobh amuigh dá mhéad nach gceadaitear de réir an dlí teorannú den sórt, ní bheimidne ná Capita plc, ná a chomhlachtaí cleamhnaithe ná a bhfostaithe faoi dhliteanas caillteanais, dochair ná costais a d’éireodh aníos i gconradh, i dtort nó eile mar gheall ar aon tuilleamaí ar eolas atá ar an suíomh seo, aon rochtain ná úsáid ná gan a bheith ábalta an súiomh seo ná aon suíomh atá nasctha leis a úsáid, gan aon teorainn, caillteanas brabúis ná caillteanas indíreach, teagmhasach ná dá thoradh.

11. Slánaíocht

Aontaíonn tú Capita, ár bhfostaithe, gníomhairí agus ceadúnóirí a shlánú, a chosaint agus a choinneail saor ó dhochar ó agus in éadan aon éileamh, dliteanas, costas, dochar nó caillteanas a thabhóimis ná a thabhódh siad (táillí réásúnta dlí san áireamh) agus de thoradh (i) aon ábhar a phostálann, a tharchuireann tú nó a chuireann tú ar fáil ar dhóigh eile (ii) na húsáide a bhain tú as an suíomh agus as aon ábhar atá postáilte air (iii) bearta ar bith a dhéanann tú a chuireann as do rochtain agus/nó feidhmiú an tsuímh (iv) aon sárú agat ar do chuid oibleagáidí faoi na Téarmaí seo.

12. Infhaighteacht an tsuímh

Cé gur iondúil gur ar feadh tréimhsí reámhbheartaithe seasta a bheadh aga neamhfhónaimh, d’fhéadfamis rochtain ar an suíomh a fhionrú nó briseadh isteach uirthi go sealadach ó am go chéile gan réamhfhógra, d’fhonn an suíomh a dheisiú, a fheabhsú nó a uasghrádú.

13. Ginearálta

Inscoiteacht

Má fhaightear amach go bhfuil cuid ar bith de na Téarmaí seo dofheidhmithe de réir an dlí, ní rachfar i bhfeidhm ar chuid ar bith eile de na Téarmaí seo agus beidh siad i bhfeidhm fós.

Comhaontú iomlan

Is trí na Téarmaí seo a rialaítear ár ngaol leat agus léiríonn siad an comhaontú iomlán leat.

Tarscaoileadh

Má sháraíonn tú na téarmaí seo agus má dhéanaimid neamhiontas de do shárú, beimid i dteideal fós ár gcearta agus réitigh a úsáid amach anseo nó i gcás eile mar a sárofá na Téarmaí aris.

Forchoimeádas ceart

Forchoimeádtar cearta ar bith nach dtugtar go follasach sna Téarmaí seo.

Dlí rialaithe agus dlínse

Is i mBéarla a chuirfear an conradh eadrainn i gcrích. Tá aon díospóid nó éileamh a d’éireodh as nó a bhaineann leis an chonradh faoi rialú agus forléirithe de réir dhlí Phoblacht na hÉireann.

14. Teagmháil linn

Maidir le fiosruithe faoin suíomh seo, ba chóir dul i dteagmháil le:

Capita Business Support Services Ireland Ltd
Aonad B,
Páirc Gnó agus Teicneolaíochta Iarthar Chorcaí,
Cloch na Coillte,
Co Chorcaí,
P85 YH98
Éire