Níl seoladh oifigiúil amháin ann do shuíomh ar bith in Éirinn agus tá cuid mhór leaganacha de sheoltaí ann do gach suíomh amhail seoladh geografach, poist, toghcháin nó stairiúil.
Tá dhá chineál seolta ar taispeáint ar an Aimsitheoir Eircode.
Seoladh geografach: Is seoladh é seo a chuireann síos ar shuíomh fisiciúil pointe seolta trí úsáid mionsonraí geografacha amhail ainmneacha sráide / bóithre, bailte fearainn / ceantar /cathracha agus mionsonraí contae.
Seoladh poist: Is é seo an seoladh a chruthaíonn agus a shannann An Post agus an seoladh a mholann siad le haghaidh seachadadh poist. D'fhéadfadh sé go n-áireofaí le seoltaí poist baile nó contae poist nach cuid den seoladh geografach é as siocair é a bheith bunaithe ar an mbealach a thaistealaíonn an post chun an suíomh a shroicheadh.
An Post GeoDirectory a thugann an dá sheoladh seo dúinn agus ní fhéadaimidne na hathruithe seo a leasú ná a athrú ach go bhfaighimid treoir uathusan é a dhéanamh.
Molaimid go leanann tú d'úsáid an tseolta a úsáideann tú de ghnáth agus go díreach an Eircode a chur leis ag an deireadh.