Ar an
Aimsitheoir Eircode, clóscríobh do sheoladh nó bain úsáid as an léarscáil chun do theach nó d’áitreabh gnó a aimsiú. Agus d’áitreabh aimsithe agat, má tá marcóir foirgnimh ann (arna léiriú le ponc bándearg), tá Eircode ann dó. Bog an léarscáil ionas go mbeidh an targaid os cionn mharcóir an fhoirgnimh agus cliceáil ‘Faigh Eircode’.
Tá tuilleadh faisnéise faoi conas an tAimsitheoir Eircode a úsáid le fáil ar ár leathanach Cabhrach.
Má theastaíonn cúnamh uait nó mura féidir leat Eircode a aimsiú, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn agus beidh duine éigin ó Fhoireann Eircode sásta cuidiú leat.
I gcás seoladh nua
Má tá seoladh nua agat, ní gá iarratas a dhéanamh ar Eircode.
Cuireann An Post GeoDirectory seoltaí poist agus sonraí suímh ar fáil dúinn gach ráithe maidir le háitribh nua, áitribh a bhfuil úsáid nua á baint astu nó áitribh athchóirithe. Sanntar éirchóid i mí Feabhra, mí na Bealtaine, mí Lúnasa agus mí na Samhna.
Mí Feabhra 2022 an chéad uair eile a dhéanfar nuashonrú ar ar mbunachar sonraí.
Ionas gur féidir Eircode a shannadh do sheoladh nua, caithfidh sé a bheith i mbunachar sonraí GeoDirectory An Post agus caithfidh 2 líne ar a laghad den seoladh poist, príomhbhaile poist, agus comhordanáidí geografacha a bheith ann.
Chomh luath agus a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil, déanfaidh Eircode:
- Eircode a shannadh
- An tAimsitheoir Eircode a nuashonrú
- Litir fógra maidir le Eircode a sheoladh chuig an áititheoir
- Bunachar sonraí nuashonraithe Eircode a sholáthar d’úsáideoirí ceadúnaithe
Má bhíonn aon fhaisnéis in easnamh agus mura féidir linn Eircode a shannadh, bheimis ag súil go gcuirfí na mionsonraí riachtanacha san áireamh sa chéad nuashonrú ráithiúil eile ar bhunachar sonraí GeoDirectory An Post.
Nach féidir leat Eircode a aimsiú?
Mura n-éiríonn le cuardach de réir seoladh, bain úsáid as an léarscáil chun an áitreabh a aimsiú de láimh. Má tá marcóir foirgnimh (arna léiriú le ponc bándearg) ar an léarscáil, tá Eircode ann don seoladh sin. Mura bhfuil ponc bándearg ar an léarscáil ag an suíomh:
- Is féidir nár gabhadh do sheoladh agus a shuíomh go fóill agus dá bhrí sin níor áiríodh é sa nuashonrú ráithiúil ar bhunachar sonraí GeoDirectory An Post.
Mar shampla, seans go dtógfaidh sé tamall seoladh nua a chur san áireamh. Nuair a tharlaíonn sin, bheimis ag súil go mbeadh sé san áireamh sa chéad nuashonrú ráithiúil eile
- Is féidir nár gabhadh do sheoladh agus a shuíomh go hiomlán. Caithfidh 2 líne ar a laghad den seoladh poist, príomhbhaile poist, agus comhordanáidí geografacha a bheith i mbunachar sonraí GeoDirectory An Post chun Eircode a shannadh don seoladh sin.
Mar shampla, seans go dtógfaidh sé tamall an fhaisnéis uile a fháil le haghaidh foirgneamh nuathógtha. Má tá cuid ar bith den fhaisnéis sin in easnamh ón mbunachar sonraí, bheimis ag súil go gcuirfeadh GeoDirectory An Post san áireamh í sa chéad nuashonrú ráithiúil eile.
- Is féidir gur foirgneamh tánaisteach é an t-áitreabh nach bhfuil seoladh poist aige agus, mar sin, nach bhfuil Eircode sannta dó.
Mar shampla, i gcás campas a bhfuil go leor foirgneamh ann, seans go seachadfaí an post chuig suíomh lárnach ar dtús lena dháileadh ar aghaidh chuig foirgnimh eile ansin.
Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoi Cad a fhaigheann Eircode?
Má tá d’áitreabh ann le blianta fada agus mura féidir leat Eircode a fháil ar an Aimsitheoir Eircode, déan teagmháil linn agus beidh duine éigin ó Fhoireann Eircode sásta cuidiú leat.