Tá samplaí thíos de na cásanna inar chóir Eircode a úsáid agus den chaoi ar féidir déanamh amhlaidh
Is féidir Eircode a úsáid:
- mar chuid den seoladh poist nuair a sheoltar litreacha nó beartáin
- sa réimse Eircode nó cód poist agus foirmeacha ar líne nó foirmeacha páipéir á gcomhlánú
Cén uair?
- Siopadóireacht ar líne - mar chuid de do sheoladh seachadta nó chun do sheoladh a uathlíonadh isteach
- Earraí a ordú lena seachadadh – mar shampla troscán, earraí bána nó breosla
- Bia a ordú lena sheachadadh – mar shampla bia beir leat nó siopadóireacht ón ollmhargadh
- Foirmeacha ar líne a chomhlánú – mar shampla iarratais a dhéanamh nó clárú le haghaidh faisnéise
- Fóntais agus seirbhísí atá ar fáil i do cheantar a sheiceáil – mar shampla leathanbhanda
- Suíomh a bhfuil tú ag taisteal chuige a aimsiú
Is féidir leis cuidiú leat:
- má thugann tú Eircode do sheirbhísí éigeandála mar d’fhéadfadh sé cuidiú leo do shuíomh a aimsiú níos tapúla
- má thugann tú Eircode do sholáthraithe seirbhíse mar d’fhéadfadh sé cuidiú leo na seirbhísí atá ar fáil i do cheantar a shainaithint
- má thugann tú Eircode do sholáthraithe seirbhíse nó do cheardaithe mar d’fhéadfadh sé cuidiú leo do shuíomh a aimsiú
- má thugann tú Eircode do do chairde nó do do mhuintir mar d’fhéadfadh sé cuidiú leo do shuíomh a aimsiú
- má iarrann tú Eircode agus tú ag taisteal áit éigin chun cuidiú leat an suíomh a aimsiú
Eircode a úsáid agus litreacha nó beartáin á seoladh
Ba cheart Eircode a chur ag deireadh an tseolta, díreach faoi bhun an Chontae.
Má tá tú ag scríobh chuig duine in Éirinn agus tú thar lear, ba cheart go rachadh an Eircode idir mionsonraí an Chontae agus na Tíre.
Agus an Eircode á úsáid chun litreacha nó beartáin a sheoladh tríd an bpost, ba chóir é a úsáid mar chuid de sheoladh poist iomlán. Molann An Post duit an Seoladh Poist agus Eircode a úsáid chun míreanna a sheoladh tríd an bpost mar d’fhéadfadh moill, mísheachadadh nó neamhsheachadadh a bheith mar thoradh ar sheoladh mícheart nó neamhiomlán a úsáid.
Eircode a úsáid ar fhoirmeacha ar líne nó ar fhoirmeacha páipéir
Agus mionsonraí á soláthar agat ar líne nó foirmeacha á gcomhlánú agat, d’fhéadfaí Eircode a iarraidh ort mar chuid de do sheoladh, nó d’fhéadfaí do Eircode a lorg le go gcuirfí do sheoladh isteach go huathoibríoch, rud a d’iarrfaí ort a dheimhniú ansin.
Moltar do chuideachtaí réimse ar leith a chur ar fáil don Eircode agus spásanna le haghaidh seacht gcarachtar a bheith ann. Seans nach soláthróidh roinnt foirmeacha agus suíomhanna gréasáin réimse Eircode ach seans go ligfidh siad duit an Eircode a iontráil sa réimse cóid poist atá ann cheana féin.
Féadfaidh foirmeacha ar líne glacadh leis an Eircode mar dhá chuid ar leithligh le spás idir an Eochair Ródúcháin agus an tAitheantóir Uathúil mar shampla A65 F4E2 nó mar theaghrán seacht gcarachtar amháin, mar shampla A65F4E2.
Ní héigeantach é Eircode a úsáid, ach d’fhéadfadh Eircode cuidiú leis an eagraíocht do shuíomh a aimsiú nó cuidiú leis an duine seachadta do sheoladh a aimsiú. D’fhéadfadh sé cuidiú leis an eagraíocht freisin idirdhealú a dhéanamh idir do sheoladh agus seoltaí eile atá mar an gcéanna nó an-chosúil leis.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi na buntáistí a bhaineann le Eircode, tabhair cuairt ar an leathanach Buntáistí.