Getting-an-eircode

Eircode a úsáid

Using an Eircode

Níl seoltaí á n-athrú nó á n-ionadú. Ní bheidh le déanamh ach an Eircode a chur faoin líne dheireanach de do sheoladh reatha.

Níl Eircode éigeantach. Mar sin féin, is iomaí sin buntáiste a bhaineann le Eircode a úsáid: beidh comhlachtaí seachtadta agus seirbhíse in ann seoltaí a aithint go beacht agus mar gheall air sin seachadfar d’earraí go dtí an áit cheart agus beidh sé níos fusa bheith ag siopadóireacht ar líne. Beidh sé níos fusa agus níos gasta chomh maith do sheirbhísí leighis éigeandála seoltaí áitiúla a aimsiú.

De bhrí go bhfuil Eircode an-nua, tá a lán miondíoltóirí agus eagraíochtaí gnóthach ag nuashonrú a gcóras le Eircode a aithint agus a ghlacadh. Thar am feicfidh tú níos mó eagraíochtaí ag lorg Eircode agus ag glacadh leis.

Using-an-Eircode